|
19.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 482/9 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Förvaltningsrätten i Göteborg, migrationsdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 7 Deireadh Fómhair 2022 – A.L. v Migrationsverket
(Cás C-629/22)
(2022/C 482/13)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Förvaltningsrätten i Göteborg, migrationsdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: A.L.
Cosantóir: Migrationsverket
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
Céard is brí le hAirteagal 6(2) den Treoir um Fhilleadh? (1) An é nach mór, dá réir, go n-iarrfaí ar náisiúnach tríú tír filleadh láithreach ar an mBallstát ina bhfuil cead cónaithe bailí aige nó aici, ón mBallstát ina bhfuil sé nó sí ag fanacht go neamhdhleathach, ach amháin más gá don náisiúnach tríú tír imeacht láithreach ar chúiseanna a bhaineann leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil náisiúnta? |
|
2. |
An dtugtar treoracha leis an Treoir um Fhilleadh nó le dlí eile de chuid an Aontais maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mura n-eiseodh údarás náisiúnta an t-iarratas riachtanach de bhun Airteagal 6(2) den Treoir um Fhilleadh? An é nach mbíonn bailíocht ag baint leis an ordú aistrithe agus ag an gcinneadh lena gcuirtear cosc ar fhilleadh mar gheall ar mhainneachtain an t-iarratas riachtanach a eisiúint? |
|
3. |
Má tá a leithéid d’iarratas agus d’iarmhairt ag gabháil le hAirteagal 6(2) den Treoir um Fhilleadh, an bhfuil sé soiléir agus beacht go leor le héifeacht dhíreach a bheith aige? |
|
4. |
An bhfuil reachtaíocht náisiúnta amhail an riail de chuid na Sualainne in Alt 6(a) de Chaibidil 8 den Dlí maidir le náisiúnaigh eachtracha, lena gcruthaítear díolúintí breise ó oibleagáid a d’fhéadfadh a bheith ann [iarratas] a eisiúint, i gcomhréir le dlí an Aontais? |
(1) Treoir 2008/115/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO 2008 L 348, lch. 98).