30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/23


Iarraidh ar réamhrialú ón Cour constitutionnelle (an Bheilg) a taisceadh an 29 Meán Fómhair 2022 (Belgian Association of Tax Lawyers agus páirtithe eile v Premier ministre/Eerste Minister

(Cás C-623/22)

(2023/C 35/27)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour constitutionnelle

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Belgian Association of Tax Lawyer, Ordre des barreaux francophones et germanophone, Orde van Vlaamse Balies agus páirtithe eile, Institut des conseillers fiscaux et des experts-comptables agus páirtithe eile.

Cosantóir: Premier ministre/Eerste Minister

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

Le Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann (1), an sáraítear Airteagal 6(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 20 agus Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe prionsabal an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe mar a ráthaítear leis na forálacha sin, a mhéid nach ndéanann Treoir 2018/822 an oibleagáid tuairiscithe maidir le socruithe infhógartha trasteorann a theorannú, ach déantar é infheidhme maidir le gach cáin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (2), lena n-áirítear faoi dhlí na Beilge ní amháin cáin chorparáide, ach freisin cánacha díreacha seachas cáin chorparáide agus cánacha indíreacha, amhail táillí clárúcháin?

2)

An sáraítear le Treoir 2018/822 prionsabal na dlíthiúlachta in ábhair choiriúla mar a ráthaítear le hAirteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 7(1) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, prionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla agus an ceart chun urraim don saol príobháideach mar a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, a mhéid nach bhfuil na coincheapa “socrú” (agus, dá bhrí sin, “socrú trasteorann”, “socrú indíolta” agus “socrú saincheaptha”), “idirghabhálaí”, “rannpháirtí”, “fiontar comhlachaithe”, na téarmaí “trasteorann”, “sainmharcanna” éagsúla agus “príomhthástáil sochair”, a úsáidtear le Treoir 2018/822 chun raon feidhme agus na hoibleagáide tuairiscithe maidir le socruithe infhógartha trasteorann a chinneadh, soiléir agus beacht go leor?

3)

An sáraítear le Treoir 2018/822, go háirithe a mhéid a chuireann sí isteach Airteagal 8ab(1) agus (7) de Threoir 2011/16, prionsabal na dlíthiúlachta in ábhair choiriúla mar a ráthaítear le hAirteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 7(1) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus an sáraítear an ceart chun urraim don saol príobháideach mar a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, a mhéid nach bhfuil túsphointe na tréimhse 30 lá a gcaithfidh an t-idirghabhálaí nó an cáiníocóir ábhartha an oibleagáid tuairiscithe maidir le socruithe infhógartha trasteorann a chomhlíonadh, sách soiléir agus beacht?

4)

An sáraítear le hAirteagal 1(2) de Threoir 2018/822 an ceart chun urraim don saol príobháideach mar a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, a mhéid go bhforáiltear le hAirteagal 8ab(5) nua a cuireadh isteach i dTreoir 2011/16, i gcás ina nglacann Ballstát na bearta is gá chun an ceart a thabhairt d’idirghabhálaithe tarscaoileadh ón oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le socrú infhógartha trasteorann i gcás ina mbeadh an oibleagáid tuairiscithe ag teacht salach ar an rúndacht ghairmiúil is infheidhme de bhua dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an mBallstát sin a cheangal ar na hidirghabhálaithe sin fógra a thabhairt gan mhoill d’aon idirghabhálaí eile nó, in éagmais idirghabhálaí den sórt sin, don cháiníocóir lena mbaineann faoina oibleagáidí tuairiscithe, sa mhéid is go bhfuil sé d’éifeacht ag an oibleagáid sin go bhfuil ar idirghabhálaí atá faoi cheangal ag rúndacht ghairmiúil faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin comhroinnt a dhéanamh le hidirghabhálaí eile, nach bhfuil ina chliant dó, aon fhaisnéis a thagann chuige le linn fheidhmiú phríomhghníomhaíochtaí a ghairme?

5)

An sáraítear le Treoir 2018/822 an ceart chun urraim don saol príobháideach mar a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, sa mhéid go gcuireann an oibleagáid tuairiscithe maidir le socruithe infhógartha trasteorann isteach ar an gceart chun príobháideachais atá ag idirghabhálaithe agus ag cáiníocóirí lena mbaineann nach bhfuil údar réasúnta leis agus nach bhfuil comhréireach i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú agus nach bhfuil ábhartha chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú?


(1)  IO 2018, L 139, lch. 1.

(2)  IO 2011, L 64, lch. 1.