15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 173/10


Achomharc arna thabhairt an 16 Meán Fómhair 2022 ag Hijos de Moisés Rodríguez González, SA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 29 Meitheamh 2022 i gCás T-306/20, Hijos de Moisés Rodríguez González v EUIPO – Éire agus Ornua (La Irlandesa 1943)

(Cás C-605/22 P)

(2023/C 173/13)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Hijos de Moisés Rodríguez González, SA (ionadaí: J. García Domínguez, abogado)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Éire agus Ornua Co-operative Ltd

Le hordú an 8 Márta 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart do Hijos de Moisés Rodríguez González a chostais féin a íoc.