7.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 424/34


Achomharc arna thabhairt an 16 Meán Fómhair 2022 ag ABLV Bank AS, atá faoi leachtú, i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 6 Iúil 2022 i gCás T-280/18, ABLV Bank v BRA

(Cás C-602/22 P)

(2022/C 424/46)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: ABLV Bank AS, atá faoi leachtú (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Bord Réitigh Aonair (BRA), an Banc Ceannais Eorpach (BCE)

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

cinntí BRA an 23 Feabhra 2018 maidir leis an achomharcóir agus a fhochuideachta i Lucsamburg a chur ar neamhní;

a ordú do BRA costais an achomharcóra agus costais an achomhairc seo a íoc, agus

a mhéid nach bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais in ann rialú a dhéanamh ar shubstaint an cháis, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta léirmhíniú mícheart ar Airteagal 18 SRMR (1) agus gur chuir sí i bhfeidhm go mícheart é, agus go ndearna sí roinnt earráidí lena mbaineann an méid sin agus saobhadh ar na fíorais. Maíonn an t-achomharcóir:

gur theip ar an gCúirt Ghinearálta urraim a léiriú ar an gcur síos soiléir a dhéantar ar na teorainneacha atá le cumhachtaí BRA a leagtar amach in Airteagal 18 SRMR agus lena bhforáiltear nach féidir le BRA gníomhú le héifeacht dhlíthiúil sheachtrach ach má chomhlíontar an trí choinníoll faoi Airteagal 18 SRMR agus mura gcuireann an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ina choinne;

nach bhfuil aon bhunús i dtéacs Airteagal 18 SRMR le glacadh leis go bhféadfadh BRA beart le héifeacht dhlíthiúil sheachtrach a ghlacadh má chomhlíontar an chéad dá choinníoll amháin;

gur ghlac BRA go héifeachtach lena earráid trí chur chuige difriúil a ghlacadh sna cásanna comhchosúla is déanaí;

gur theip ar an gCúirt Ghinearálta scrúdú iomlán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcinntí atá faoi chonspóid (SRB/EES/2018/09 agus SRB/EES/2018/10 an 23 Feabhra 2018) trí mhainneachtain a mheas conas, go sonrach, de réir léirmhíniú na Cúirte Ginearálta ar na cinntí atá faoi chonspóid, ar athraíodh staid dhlíthiúil an achomharcóra agus a fhochuideachta;

gur shaobh an Chúirt Ghinearálta inneachar follasach na gcinntí atá faoi chonspóid trína mainneachtain a admháil go bhfuil cinntí iontu chun go leachtófaí an t-achomharcóir agus a fhochuideachta, agus

go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí a bhaineann leis sin, trí, inter alia, na cinntí atá faoi chonspóid a mheascadh leis na bearta a chuir BRA in iúl do na hÚdaráis Réitigh Náisiúnta chun críocha na cinntí atá faoi chonspóid a chur i bhfeidhm.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí dlíthiúla agus nóis imeachta chomh maith le saobhadh ar na fíorais maidir leis na torthaí substainteacha. Maíonn an t-achomharcóir:

gur shaobh an Chúirt Ghinearálta inneachar an chomhaid trí mheasúnú FOLTF (i mbéal cliseadh nó ar dócha go gclisfidh) intuigthe a mhaoímh agus gur mhainnigh sí a lua gur chuir BRA in iúl go sainráite ina chosaint nach ndearna sé measúnú FOLTF; agus

go ndearna an Chúirt Ghinearálta, sa chomhthéacs céanna, earráidí agus saobhadh eile lena mbaineann chomh maith le mainneachtain dul i ngleic le hargóintí an achomharcóra trí, inter alia, mainneachtain éifeacht an mhoratóra d’oibleagáidí íocaíochta a chur ar fionraí agus trí léirmhíniú mícheart a dhéanamh ar choincheap na leachtachta de réir bhrí Airteagal 18 SRMR.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí dlíthiúla, saobhadh ar na fíorais agus gur theip uirthi dul i ngleic le pléadálacha an achomharcóra maidir leis an bhfógra FinCEN (Líonra Forfheidhmithe Coireanna Airgeadais) agus leis an méid a nochtadh ina dhiaidh de bharr na dtorthaí ar ar tháinig Oifig Frith-Éillithe na Laitvia.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid agus í ag cinneadh go raibh an chaingean le haghaidh neamhniú maidir leis an gcinneadh atá faoi chonspóid i leith fhochuideachta an achomharcóra do-ghlactha. Maíonn an t-achomharcóir gur ghlac an Chúirt Ghinearálta leis, go hearráideach, nár chóir léirmhíniú a dhéanamh ar na cinntí atá faoi chonspóid i gcomhréir leis na fógraí poiblí a rinneadh tráth na gcinntí faoi chonspóid agus ina ionad sin, nach bhfuil téacs ábhartha ach amháin má cuireadh ó BRA go dtí na hÚdaráis Réitigh Náisiúnta é ar mhaithe leis na cinntí atá faoi chonspóid a chur i bhfeidhm agus ar chás ar bith go saobhann an Chúirt Ghinearálta inneachar follasach an téacs sin.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).