7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/32 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 7 Meán Fómhair 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne MV
(Cás C-583/22)
(2022/C 424/43)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: MV
Páirtí eile: Generalbundesanwalt beim Bundesgerichtshof
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
Ag féachaint do phrionsabal na córa comhionainne faoi Airteagal 3(1) de Chinneadh Réime 2008/675/CGB (1), agus i bhfianaise Airteagal 3(5) den Chinneadh sin, an féidir pianbhreith a fhorchur, i gcás ina bhfuil pianbhreith charnach ann iarbhír, a bhaineann le daorbhreitheanna a tugadh sa Ghearmáin agus i mBallstát eile den Aontas, an féidir pianbhreith a fhorchur maidir leis an gcion intíre i gcás ina ndéanfaí, dá gcuirfí an phianbhreith a forchuireadh sa Bhallstát eile den Aontas san áireamh ar bhonn nóiseanúil, an t-uasleibhéal a cheadaítear faoi dhlí na Gearmáine do phianbhreith charnach i dtaobh pianbhreitheanna coimeádta ar théarma seasta a shárú? |
2. |
I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar an gcéad cheist: An gcaithfear cur san áireamh na pianbhreithe arna forchur sa Bhallstát eile den Aontas, dá bhforáiltear faoin dara habairt d’Airteagal 3(5) de Chinneadh Réime 2008/675, a dhéanamh i mbealach ina ndéantar an dochar atá ann mar gheall nach bhfuil an deis ann pianbhreith charnach a fhorchur ina dhiaidh sin – i gcomhréir leis na prionsabail maidir le conas pianbhreitheanna carnacha a fhorchur faoi dhlí na Gearmáine – a léiriú go sonrach agus a shuí nuair atá an phianbhreith á meas maidir leis an gcion intíre? |
(1) Cinneadh Réime ón gComhairle an 24 Iúil 2008 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh i gcúrsa imeachtaí nua coiriúla (IO 2008 L 220, lch. 32).