23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/20 |
Achomharc arna thabhairt an 31 Lúnasa 2022 ag Munich, S.L. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-502/20, Munich v EUIPO – Tone Watch (MUNICH10A.T.M.)
(Cás C-577/22 P)
(2023/C 24/28)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóir: Munich, S.L. (ionadaithe: J. Güell Serra, M. del Mar Guix Vilanova, Abogados)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Tone Watch, S. L.
Le hordú an 29 Samhain 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh do Munich, S. L. a chostais féin a íoc.