21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/13


Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag YT, YU i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-532/16, YT agus YU v an Coimisiún

(Cás C-568/22 P)

(2022/C 441/18)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóirí: YT, YU (ionadaithe: L. Levi, J.-N. Louis, avocats)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-532/16, YT agus YU v an Coimisiún a chur ar neamhní;

an cás seo a bhreithniú í féin agus a chinneadh go raibh bunús maith le caingean an achomharcóra ar an gcéad chéim;

a ordú don chosantóir na costais go léir a bhaineann leis an gcéad chéim agus leis an achomharc a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn na hachomharcóirí dhá shaincheist dlí:

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 45 CFAE, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a hoibleagáid cúiseanna a lua, earráid maidir le haicmiú dlíthiúil agus saobhadh an chomhaid;

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar chuspóir Airteagal 8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus go ndearnadh sárú ar phrionsabal ginearálta na comhréireachta.