|
21.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 441/12 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 26 Lúnasa 2022 – Verein für Konsumenteninformation v Sofatutor GmbH
(Cás T-565/22)
(2022/C 441/16)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Verein für Konsumenteninformation
Freagróir san achomharc ar phointe dlí: Sofatutor GmbH
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 9(1) de Threoir 2011/83/EU (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóra a léiriú sa chaoi go bhfuil ceart chun tarraingt siar nua ag an tomhaltóir i gcás ina ndéantar cianchonradh a “síneadh go huathoibríoch” (Airteagal 6(1)(o) den Treoir sin)?
(1) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64).