|
21.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 441/9 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 19 Lúnasa 2022 — Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA) v Fallimento Esperia SpA, Gestore dei Servizi energetici SpA — GSE
(Cás C-558/22)
(2022/C 441/13)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Consiglio di Stato
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA)
Cosantóir: Fallimento Esperia SpA, Gestore dei Servizi Energetici SpA – GSE
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcuirtear cosc:
|
— |
le hAirteagal 18 CFAE, a mhéid go dtoirmeasctar aon idirdhealú de bhíthin náisiúntachta laistigh de raon feidhme na gConarthaí leis; |
|
— |
le hAirteagail 28 agus 30 CFAE, a mhéid lena bhforáiltear do dhleachtanna custaim ar allmhairí agus do bhearta comhéifeachta a dhíothú; |
|
— |
le hAirteagal 110 CFAE a mhéid go dtoirmeasctar cánacha ar allmhairí de bhreis ar na cánacha sin a fhorchuirtear go díreach nó go hindíreach ar tháirgí intíre comhchosúla leis; |
|
— |
le hAirteagal 34 CFAE, a mhéid go dtoirmeasctar bearta a ghlacadh a mbeadh an éifeacht chéanna acu le srianta cainníochtúla ar allmhairí leis; |
|
— |
Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, a mhéid lena dtoirmeasctar cur i bhfeidhm birt Státchabhrach nár tugadh fógra ina leith don Choimisiún agus nach bhfuil ag luí leis an margadh inmheánach; |
|
— |
Treoir 2009/28/CE (1), a mhéid lena bhféachtar le trádáil i leictreachas glas laistigh den Chomhphobal a chur chun cinn agus le hacmhainneacht táirgeachta na mBallstát aonair a chur chun cinn freisin, ar dhlí náisiúnta amhail an dlí thuasluaite lena bhforchuirtear muirear airgid ar allmhaireoirí leictreachais ghlais nach bhfuil infheidhme maidir le táirgeoirí intíre an táirge chéanna? |
(1) Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO 2009 L 140, lch. 16)