21.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 441/8 |
Achomharc arna thabhairt an 17 Lúnasa 2022 ag ITV plc i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 8 Meitheamh 2022 i gCásanna uamtha T-363/19 agus T-456/19, an Ríocht Aontaithe agus ITV v an Coimisiún
(Cás C-556/22 P)
(2022/C 441/12)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: ITV plc (ionadaithe: J. Lesar, Solicitor, agus K. Beal QC)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, LSEGH (Luxembourg) Ltd, London Stock Exchange Group Holdings (Italy) Ltd
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
an t-achomharc a cheadú; |
— |
pointí 2 agus 4 den chuid oibríoch den bhreithiúnas atá á achomharc a chur ar neamhní; |
— |
Cinneadh (AE) 2019/1352 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2019 maidir le Státchabhair SA.44896 arna chur chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe maidir le Díolúine Maoinithe Grúpa CFC a chur ar neamhní (1); agus |
— |
a ordú don Choimisiún costais an iarratais os comhair na Cúirte seo agus na Cúirte Ginearálta a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir ceithre shaincheist dlí:
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus/nó rinne sí botún follasach measúnaithe nó breithmheasa agus í ag teacht ar an gconclúid nach raibh aon earráid ag an gCoimisiún le linn dó an córas tagartha a roghnú chun anailís a dhéanamh i dtaobh an ndearnadh nó nár ndearnadh na forálacha maidir le státchabhair atá le fáil in Airteagal 107 agus 108 CFAE a shárú.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus/nó rinne sí earráid shoiléir measúnaithe nó breithmheasa agus í ag teacht ar an gconclúid gur fheidhmigh na díolúintí ábhartha mar mhaolú ar chóras ginearálta cánachais a chuimsíonn rialacha an CFC (cuideachtaí eachtracha rialaithe) agus dá bhrí sin tugadh buntáiste roghnach ar chuid de na cáiníocóirí corparáideacha amháin a bhí i staid inchomparáide.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus/nó rinne sí earráid shoiléir measúnaithe nó breithmheasa agus í ag teacht ar an gconclúid nach bhféadfaí na díolúintí, dá dtabharfaidís buntáiste roghnach (quod non), a chosaint ar bhonn praiticiúlacht riaracháin.
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí sa chás gur theip uirthi breith bhreithiúnas an 12 Meán Fómhair 2006, Cadbury Schweppes agus Cadbury Schweppes Overseas, C-196/04, EU:C:2006:544 a bhreithniú agus a chur i bhfeidhm i gceart, cibé acu a bhí ag breithniú saincheist an chreata tagartha, buntáiste roghnach nó breithniú a dhéanamh ar an gceist an bhféadfaí nó nach bhfuil údar maith leis na díolúintí (nó le haon cheann díobh) chun an tsaoirse bhunaíochta a chosaint faoi Airteagal 49 CFAE. Thairis sin nó mar mhalairt air sin, theip ar an gCúirt Ghinearálta cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt lena conclúidí ar an gceist seo.