|
7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/29 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Lúnasa 2022 – Air Europa Lineas Aereas v VO, GR
(Cás C-545/22)
(2022/C 424/38)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Düsseldorf
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: Air Europa Lineas Aereas
Freagróirí: VO, GR
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (1) a léiriú sa chaoi gur cuireadh eitilt ar ceal mar gheall ar imthosca urghnácha i gcás ina ndéanann an aerlíne, tar éis scaipeadh phaindéim Covid-19, toisc gur cliseadh ar aerthrácht domhanda ó Mhárta 2022, a sceideal eitiltí a laghdú go mór mór agus roinnt eitiltí a chur ar ceal de bharr go raibh easpa úsáide eitiltí ann atá éifeachtach ar bhonn eacnamaíoch agus chun sláinte na gcriúnna agus na bpíolótaí a chosaint, cé nach raibh air na heitiltí a chur ar ceal mar gheall ar bhearta riaracháin, amhail dúnadh aerfort, cosc ar eitiltí nó cosc ar iontráil?
(1) Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).