28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 451/10


Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin) arna taisceadh an 9 Lúnasa 2022 — Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice Cluj-Napoca, Administrația Județeană a Finanțelor Publice Cluj v SC Westside unicat

(Cás C-532/22)

(2022/C 451/13)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Cluj

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice Cluj-Napoca, Administrația Județeană a Finanțelor Publice Cluj

Cosantóir: SC Westside unicat

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagal 53 den Treoir CBL (1) a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige freisin maidir le seirbhísí amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, is é sin le rá, seirbhísí arna soláthar ag stiúideo físchomhrá d’oibreoir suímh gréasáin, lena n-áirítear seisiúin idirghníomhacha de chineál earótach, a scannánaítear agus a chraoltar i bhfíor-am tríd an idirlíon (beoshruthú an ábhair dhigitigh)?

2)

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist, mar sin chun críocha an frása “an áit ina dtarlaíonn na himeachtaí sin go hiarbhír”, atá in Airteagal 53 den Treoir a léiriú, an bhfuil an áit ina bhfuil na taibheoirí, os comhair an cheamara gréasáin, ábhartha nó an áit a bhfuil eagraí na seisiún bunaithe, nó an áit a bhféachann na custaiméirí ar na híomhánna nó ar cheart áit éigin eile seachas iad siúd a chur san áireamh?


(1)  Treoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l).