21.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 441/4 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 29 Iúil 2022 – AQ v trendtours Touristik GmbH
(Cás T-511/22)
(2022/C 441/08)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Frankfurt am Main
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: AQ
Cosantóir: trendtours Touristik GmbH
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gcaithfear an chéad abairt d’Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2015/2302 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil nasctha lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (“an Treoir maidir le taisteal láneagraithe”) a léiriú sa chaoi go bhforáiltear ceart chun foirceannadh leis – de bhreis ar an gceart dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) den Treoir sin – nach mbeidh feidhm ag a iarmhairtí dlíthiúla ach amháin má dhéanann an taistealaí an ceart sin a agairt ina dhearbhú foirceanta? |
2. |
An gcaithfear Airteagal 12(2) den Treoir maidir le taisteal láneagraithe a léiriú sa chaoi nach dtagann deireadh le hoibleagáid táille foirceanta a íoc i gcás nach luann an taistealaí cúis ina dhearbhú maidir le foirceannadh an chonartha taistil láneagraithe nó a luann sé cúis nach mbaineann le himthoisc dhosheachanta agus urghnách? |