|
7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/25 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) (an Phortaingéil) a taisceadh an 25 Iúil 2022– Deco Proteste – Editores Lda v Autoridade Tributária e Aduaneira
(Cás C-505/22)
(2022/C 424/32)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Deco Proteste – Editores Lda
Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
In imthosca ina dtugtar bronntanas (“gaireas”) do shíntiúsóirí nua le tréimhseacháin, an gcaithfear a mheas gurb éard atá i gceist le tabhairt an bhronntanais sin, chun críocha Airteagal 16 den Treoir CBL, (1) ná ceann díobh seo a leanas:
|
|
2. |
I gcás ina bhfreagraítear don chéad cheist sa chiall gur soláthar saor in aisce atá ann, an bhfuil uasteorainn bhliantúil arna socrú ar luach domhanda na mbronntanas, de réir chóimheas 0.5 % de láimhdeachas an duine inchánaigh sa bhliain roimhe sin (atá le cur leis an teorainn ar an luach aonaid) ag luí leis an gcoincheap de “cur i bhfeidhm earraí … mar bhronntanais ar luach beag” dá bhforáiltear sa dara mír d’Airteagal 16 den Treoir CBL? |
|
3. |
Má tá freagra dearfach ar an dara ceist, an gcaithfear a mheas go bhfuil cóimheas 0.5 % de láimhdeachas an duine inchánaigh sa bhliain roimhe sin chomh híseal sin go mbaintear d’éifeachtacht an dara mír d’Airteagal 16 den Treoir CBL? |
|
4. |
Agus na cuspóirí lenar bunaíodh í á gcur san áireamh, an sáraítear prionsabail na neodrachta agus na córa comhionainne nó prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta leis an teorainn sin de 0.5 % de láimhdeachas an duine inchánaigh sa bhliain roimhe sin? |
(1) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006, L 347, lch. 1).