|
7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/24 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d'État (an Fhrainc) an 22 Iúil 2022 – Association interprofessionnelle des fruits et légumes frais (Interfel) v Ministère de l’Agriculture et de la Souveraineté alimentaire
(Cás C-504/22)
(2022/C 424/31)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d'État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Association interprofessionnelle des fruits et légumes frais (Interfel)
Cosantóir: Ministère de l’Agriculture et de la Souveraineté alimentaire
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An gcaithfear Airteagal 164 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 an 17 Nollaig 2013 (1) a léiriú sa chaoi go n-údaraítear síneadh a chur le comhaontuithe laistigh den trádáil lena bhforáiltear do rialacha níos déine ná na rialacha atá leagtha síos i rialacha an Aontais, ní amháin i réimse na “rialacha táirgthe” dá dtagraítear i bhfomhír (b) d’Airteagal 164(4), ach freisin i ngach réimse, dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a), agus (c) go (n), dá bhforáiltear in Airteagal 164 maidir leo go bhféadfar síneadh ar chomhaontú laistigh den trádáil a iarraidh? |
|
2) |
An dtagann socrú dátaí fómhar, ar thaobh amháin, agus dátaí margaíochta, ar an taobh eile, faoi na rialacha a d’fhéadfaí a leagan síos trí chomhaontú laistigh den trádáil agus a fhéadfar a shíneadh ar bhonn Airteagal 164 de Rialachán Uimh. 1308/2013, agus más amhlaidh atá, an dtagann socrú dátaí fómhar agus margaíochta den sórt sin faoi na “rialacha táirgthe” dá dtagraítear i bhfomhír (b) den Airteagal sin nó, mar a fhoráiltear roimhe seo in Iarscríbhinn XVIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 (2) lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta, an dtagann siad faoi na “rialacha maidir le margaíocht” dá dtagraítear i bhfomhír (d) den Airteagal sin? |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle. (IO 2013, L 347, lch. 671).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán “CEM Aonair”) (IO 2007, L 299, lch. 1).