10.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 389/7 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 22 Iúil 2022 – EM v Roompot Service B.V.
(Cás C-497/22)
(2022/C 389/09)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Düsseldorf
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir agus achomharcóir: EM
Cosantóir agus freagróir: Roompot Service B.V.
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear an chéad abairt d’Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 (1) a léirmhíniú sa chaoi go dtagann conradh a thugtar i gcrích idir duine príobháideach agus léasóir tráchtála tithe saoire maidir le bungaló a ligean go gearrthéarmach i bpáirc saoire arna hoibriú ag an léasóir, agus lena bhforáiltear, i dteannta leis an mbungaló a ligean ar cíos, do ghlanadh ag deireadh an fhanachta agus soláthar éadaí leapa mar sheirbhísí breise, faoi dhlínse eisiach an Stáit ina bhfuil an cíos-mhaoine sin suite, gan beann ar cé acu an leis an léasóir nó le tríú páirtí an bungaló saoire?
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1).