22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/13


Achomharc arna thabhairt an 18 Iúil 2022 ag KP i gcoinne ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta a fógraíodh an 19 Bealtaine 2022 i gCás T-140/22 AJ, KP v Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus Eulex Kosovo

(Cás C-491/22 P)

(2023/C 179/21)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: KP (ionadaithe: P. Koutrakos, dikigoros, F. Randolph, advocaat, agus J. Stojsavljevic-Savic, Solicitor)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), Eulex Kosovo

Le hordú an 31 Márta 2023, rinne an Chúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) an t-achomharc a dhíbhe ar an bhforas gur léir nach raibh dlínse ag an gCúirt agus d’ordaigh sí do KP a costais féin a íoc.