3.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 380/5 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 20 Iúil 2022 – Poblacht Chónaidhme na Gearmáine v GS, arna ionadú ag na tuismitheoirí
(Cás C-484/22)
(2022/C 380/08)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesverwaltungsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
Freagróir ar an achomharc: GS, arna ionadú ag na tuismitheoirí
Páirtí eile: Die Vertreterin des Bundesinteresses beim Bundesverwaltungsgericht
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear pointí (a) agus (b) den chéad chuid d’Airteagal 5 de Threoir 2008/115/CE (1) a léirmhíniú sa chaoi go mbaintear go hiomlán an dlíthiúlacht de chinneadh um fhilleadh a glacadh i gcoinne náisiúnach mionaoiseach ó thríú tír, lenar diúltaíodh dá iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus lenar socraíodh an teorainn ama chun an chríoch a fhágáil ag tríocha lá ó dhul in éag do na teorainneacha ama le haghaidh achomharc, nuair nach féidir ceachtar den dá thuismitheoir, ar chúiseanna dlí agus ar feadh tréimhse éiginnte, a chur ar ais go dtí tír dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2008/115/CE agus nach féidir go réasúnta a cheangal ar an mionaoiseach ach oiread, dá bhrí sin, an Ballstát a fhágáil mar gheall ar a naisc teaghlaigh nach mór a chosaint (Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2) agus Airteagal 8 den Chairt Eorpach um Chearta an Duine), nó an leor nach mór leas an linbh agus na naisc teaghlaigh dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad chuid d’Airteagal 5 de Threoir 2008/115/CE a chur san áireamh faoi rialacha náisiúnta agus, tar éis an cinneadh um fhilleadh a ghlacadh, fionraí á chur leis an díbirt sin?
(1) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98).