7.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 424/21


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa — CAAD) (an Phortaingéil) a taisceadh an 14 Iúil 2022 – NO v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-472/22)

(2022/C 424/27)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa — CAAD)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NO

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An gcaitear Airteagal 49 CFAE (ceart bunaíochta) agus/nó Airteagal 63 CFAE (saorghluaiseacht caipitil) a léiriú mar chosc ar fhoráil dlí nó cleachtas cánach de chuid Ballstáit lena gcuirtear, chun críocha cánach ioncaim phearsanta sa Bhallstát sin, buntáiste cánach i bhfeidhm, arb é atá ann cánachas de 50 % den ghnóthachan a eascraíonn as scaireanna cuideachta a aistriú, maidir le haistrithe scaireanna i gcuideachtaí atá corpraithe faoin dlí náisiúnta, ach nach gcuirtear i bhfeidhm é maidir le haistrithe scaireanna i gcuideachtaí atá corpraithe i mBallstát eile?

2.

An gcaitear Airteagal 49 CFAE (ceart bunaíochta) agus/nó Airteagal 63 CFAE (saorghluaiseacht caipitil) a léiriú mar chosc ar fhoráil dlí nó cleachtas cánach de chuid Ballstáit lena gcuirtear, chun críocha cánach ioncaim phearsanta sa Bhallstát sin, buntáiste cánach i bhfeidhm, arb é atá ann cánachas de 50 % den ghnóthachan a eascraíonn as scaireanna cuideachta a aistriú, maidir le haistrithe scaireanna i gcuideachtaí atá corpraithe faoin dlí náisiúnta, ach nach gcuirtear i bhfeidhm é maidir le haistrithe scaireanna i gcuideachtaí a bhfuil sainchónaí orthu i gcríoch Ballstáit eile?

3.

An gcaitear Airteagal 49 CFAE (ceart bunaíochta) agus/nó Airteagal 63 CFAE (saorghluaiseacht caipitil) a léiriú mar chosc ar fhoráil dlí nó cleachtas cánach de chuid Ballstáit lena gcuirtear, chun críocha cánach ioncaim phearsanta sa Bhallstát sin, buntáiste cánach i bhfeidhm, arb é atá ann cánachas de 50 % den ghnóthachan a eascraíonn as scaireanna cuideachta a aistriú, maidir le haistrithe scaireanna i gcuideachtaí atá corpraithe faoin dlí náisiúnta, ach nach gcuirtear i bhfeidhm é maidir le haistrithe scaireanna i gcuideachtaí atá cónaitheach chun críocha cánach i gcríoch Ballstáit eile?

4.

An gcaitear Airteagal 49 CFAE (ceart bunaíochta) agus/nó Airteagal 63 CFAE (saorghluaiseacht caipitil) a léiriú mar chosc ar fhoráil dlí nó cleachtas cánach de chuid Ballstáit lena gcuirtear, chun críocha cánach ioncaim phearsanta sa Bhallstát sin, buntáiste cánach i bhfeidhm, arb é atá ann cánachas de 50 % den ghnóthachan a eascraíonn as scaireanna cuideachta a aistriú, maidir le haistrithe scaireanna i gcuideachtaí a sheolann a ngnó sa chríoch náisiúnta, ach ní maidir le haistrithe scaireanna i gcuideachtaí a dhéanann a ngníomhaíochtaí i gcríoch Ballstáit eile?

5.

An gcaitear prionsabal an toirmisc ar chleachtais mhí-úsáideacha a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le haistriú scaireanna cuideachta amhail an t-aistriú, sa chás seo, arb ionann é, go bunúsach, agus íocaíocht díbhinne, agus a raibh a fhoirm dhlíthiúil roghnaithe ag an gcáiníocóir leis an mbunchuspóir buntáiste cánach a fháil, buntáiste a eascraíonn as an dlí náisiúnta agus atá infheidhme go docht maidir le gnóthachain chaipitiúla ar urrúis, in imthosca amhail imthosca an cháis seo, ina mbraitheann deonú an bhuntáiste cánach lena mbaineann don cháiníocóir ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an cáiníocóir sin in ann an ceart bunaíochta faoi Airteagal 49 CFAE agus/nó an tsaorghluaiseacht caipitil faoi Airteagal 63 CFAE a agairt agus a fheidhmiú?

6.

An gcaitear prionsabal an toirmisc ar chleachtais mhí-úsáideacha a léiriú mar chosc ar cháiníocóir an ceart bunaíochta (faoi Airteagal 49 CFAE) agus/nó an tsaorghluaiseacht caipitil (faoi Airteagal 63 CFAE) a agairt agus a fheidhmiú chun tairbhe a bhaint as an mbuntáiste cánach dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta do ghnóthachain chaipitiúla a eascraíonn as scaireanna cuideachta a aistriú, nuair a rinne an cáiníocóir sin, agus é mar phríomhchuspóir aige tairbhe a bhaint as an mbuntáiste cánach sin, idirbheart a bhfuil toradh air, go bunúsach, arb ionann é agus íocaíocht díbhinne, amhail aistriú scaireanna?

7.

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, an féidir le cáiníocóir deimhneacht dhlíthiúil nó ionchais dhlisteanacha a agairt chun agóid a dhéanamh i gcoinne diúltú aitheantas a thabhairt don cheart bunaíochta agus/nó do shaorghluaiseacht an chaipitil i gcomhréir le prionsabal an toirmisc ar chleachtais mhí-úsáideacha agus, dá bhrí sin, an cleachtas mí-úsáideach sin a dhlisteanú?

8.

An bhfuil prionsabal an toirmisc ar chleachtais mhí-úsáideacha le léiriú sa chaoi go mbraitheann a chur i bhfeidhm ar fhíorú na gcoinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na rialachán ginearálta frith-mhí-úsáide faoin dlí náisiúnta?

9.

An bhfuil prionsabal an toirmisc ar chleachtais mhí-úsáideacha le léiriú sa chaoi go mbraitheann a chur i bhfeidhm ar a agairt ag na húdaráis náisiúnta?

10.

An bhfuil prionsabal an toirmisc ar chleachtais mhí-úsáideacha le léiriú sa chaoi go mbraitheann a chur i bhfeidhm ar chomhlíonadh an nós imeachta a leagtar síos maidir le cur i bhfeidhm na rialachán ginearálta frith-mhí-úsáide faoin dlí náisiúnta ag na húdaráis chánach náisiúnta?

11.

Ós rud é go bhfuil dlínse na cúirte náisiúnta teoranta do mheasúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na mbeart cánach agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh iad a chur ar neamhní nó iad a choinneáil sa dlíchóras, gan teacht in áit an Údaráis Cánach, An bhfuil prionsabal an toirmisc ar chleachtais mhí-úsáideacha le léiriú sa chaoi go bhfuil dlínse ag an mBinse Eadrána an t-idirbheart mí-úsáideach a athaicmiú/a ath-shainmhíniú/a athcháiliú agus an reachtaíocht náisiúnta ábhartha a chur i bhfeidhm maidir leis an idirbheart a thiocfadh ina áit?