3.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 380/3 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Só Administracyjny (an Pholainn) arna taisceadh an 5 Iúil 2022 — P Sp. z o.o. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Lublinie
(Cás C-442/22)
(2022/C 380/05)
Teanga an cháis: An Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Naczelny Sąd Administracyjny
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir:: P Sp. z o.o.
Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Lublinie
Na ceisteanna a tharchuirtear
1) |
An gcaithfear Airteagal 203 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1) a léirmhíniú sa chiall gur i gcás inar eisigh fostaí de chuid duine inchánach chun críocha CBL sonrasc CBL calaoiseach, inar luaigh sé sonraí an fhostóra mar dhuine inchánach, gan a eolas ná a thoiliú, go measfar gurb é an duine a chuireann CBL ar an sonrasc agus atá faoi dhliteanas an CBL a íoc mar sin:
|
2) |
Maidir leis an gceist cé atá le meas, de réir bhrí Airteagal 203 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle, mar dhuine a chuireann CBL ar an sonrasc agus atá faoi dhliteanas an CBL a íoc mar sin sna himthosca dá dtagraítear sa chéad cheist, an bhféadfar a chur i leith duine inchánach chun críocha CBL a fhostaíonn fostaí atá tar éis sonraí an duine inchánaigh a fhostaíonn é a iontráil go neamhdhleathach ar an sonrasc CBL, nár fheidhmigh sé dícheall cuí maidir le maoirseacht a dhéanamh ar an bhfostaí? |