3.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 380/3 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) arna taisceadh an 30 Meitheamh 2022 – Autoridade Tributária e Aduaneira v HPA – Construções, SA
(Cás C-433/22)
(2022/C 380/04)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Supremo Tribunal Administrativo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Autoridade Tributária e Aduaneira
Cosantóir: HPA – Construções, SA
An cheist a tharchuirtear
An gcuirtear cosc le mír 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir maidir le CBL (1) ar fhoráil den dlí náisiúnta lena bhforáiltear nach bhféadfar an ráta laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm ach ar chonarthaí oibreacha do dheisiú agus d’athchóiriú foirgneamh i dteaghaisí príobháideacha a bhfuil daoine ina gcónaí iontu an tráth a dhéantar na hoibreacha sin?
(1) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).