10.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 389/4 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – “DEVNIA TSIMENT” AD v Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia “Darzhaven rezerv i voennovremenni zapasi”
(Cás C-428/22)
(2022/C 389/05)
Teanga an cháis: an Bhulgairis
An chúirt a rinne an tarchur
Administrativen sad Varna
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir:“DEVNIA TSIMENT” AD
Cosantóir: Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia “Darzhaven rezerv i voennovremenni zapasi”
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
Ag féachaint do chuspóir na Treorach agus Airteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidrimh i dtaca le fuinneamh agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta de bhun Airteagal 52(1) i gcomhar le hAirteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) de Threoir 2009/119/CE (2) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar Bhallstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhféadfar oibleagáid a chur ar dhaoine a chuir fáltais laistigh den Chomhphobal de chóc peitriliam chun críocha táirgthe faoi Phointe 3.4.23 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 i gcrích cúlstoc a chruthú? |
2. |
An gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) den Treoir a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil na cineálacha táirgí nach mór cúlstoc dóibh a chruthú agus a choimeád teoranta do chuid de na cineálacha táirgí a leagtar síos in Airteagal 2(i) den Treoir sin, i gcomhar le Caibidil 3.4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008? |
3. |
An gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) den Treoir a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil oibleagáid ar dhuine a dhéanann fáltais nó allmhairiú laistigh den Chomhphobal de chineál amháin de na táirgí dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Treoir, i gcomhar le Caibidil 3.4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, cúlstoc de chineál eile táirge dhifriúil a chruthú agus a choimeád? |
4. |
An gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) den Treoir a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil oibleagáid ar dhuine stoc a chruthú agus a choimeád de tháirge nach n-úsáideann sé le linn a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus nach mbaineann leis an ngníomhaíocht sin, sa chaoi is go mbíonn ualach mór airgeadais i gceist leis sin freisin (nach bhféadfaí, mar thoradh air sin, a chomhlíonadh sa chleachtas) toisc nach bhfuil an táirge sin ag an duine agus nach ndéanann sé é a allmhairiú ná a choimeád? |
5. |
Más freagra diúltach a thabharfar ar aon cheann de na ceisteanna sin: Ag féachaint do chuspóir na Treorach agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta de bhun Airteagal 52(1), i gcomhar le hAirteagal 17, den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) de Threoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar Bhallstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád a léirmhíniú sa chaoi nach bhféadfadh allmhaireoir de chineál áirithe táirge a bheith faoi oibleagáid ach cúlstoc den chineál sin táirge amháin a bhí ina ábhar den allmhairiú a chruthú agus a choimeád? |