3.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 380/2 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 22 Meitheamh 2022 – Zakład Ubezpieczeń Społecznych Oddział w Toruniu v TE
(Cás C-422/22)
(2022/C 380/03)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Najwyższy
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Zakład Ubezpieczeń Społecznych Oddział w Toruniu
Cosantóir: TE
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
I gcás institiúid an Stáit a d’eisigh Foirm A1 agus a bhfuil sé de rún aige an fhoirm arna heisiúint a chur ar ceal, a chúlghairm nó a chur ó bhail as a stuaim féin, gan iarraidh a bheith déanta ina leith sin ag institiúid inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, an gceanglaítear uirthi nós imeachta idir-réitigh a dhéanamh le hinstitiúid inniúil Ballstáit eile ar bhonn rialacha atá ar aon dul leis na rialacha a leagtar amach in Airteagail 6 agus 16 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme? (1) |
2. |
An gcaitear an nós imeachta idir-réitigh a dhéanamh sula ndéantar an fhoirm arna heisiúint a chur ar ceal, a chúlghairm nó a chur ó bhail nó an bhfuil an cur ar ceal, an chúlghairm nó an cur ó bhail sin de chineál tosaigh agus sealadach (Airteagal 16(2)) a thagann chun bheith críochnaitheach i gcás nach gcuireann an Ballstát lena mbaineann ina choinne nó nach dtugann sé a mhalairt de thuairim ina leith sin? |