|
6.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 45/4 |
Achomharc arna thabhairt an 22 Meitheamh 2022 ag Group Nivelles i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 27 Aibreán 2022 i gCás T-327/20, Group Nivelles v EUIPO
(Cás C-419/22 P)
(2023/C 45/07)
Teanga an cháis: an Ollainis
Páirtithe
Achomharcóir: Group Nivelles NV (ionadaí: J.A.M. Jonkhout, Advocaat)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Easy Sanitary Solutions BV
Le hordú an 16 Nollaig 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí do Group Nivelles NV a chostais féin a íoc.