19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/43


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance du Luxembourg (Cúirt Chéadchéime Lucsamburg, an Bheilg) a taisceadh an 21 Meitheamh 2022 – SA Cezam v Stát na Beilge

(Cás C-418/22)

(2022/C 359/50)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal de première instance du Luxembourg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SA Cezam

Cosantóir: Stát na Beilge

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

Maidir le hAirteagail 62(2), 63, 167, 206, 250 agus 273 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1) agus prionsabal na comhréireachta, arna léiriú, inter alia, i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 8 Bealtaine 2019 EN.SA (C-712/17), arna léamh i gcomhar le prionsabal na neodrachta, an gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 70, § 1 den Chód CBL, Airteagal 1 agus Ceannteideal V de Thábla G atá i gceangal le Foraithne Ríoga Uimh. 41 ag socrú méid na bhfíneálacha cánach comhréireacha le haghaidh cánach breisluacha, faoina ndéantar, i gcás míchruinneas a aimsíodh le linn iniúchadh cuntas maidir lena n-ábhar, d’fhonn pionós a ghearradh i leith idirbhearta incháinithe nár iontráladh, go hiomlán nó go páirteach agus ar mhéid níos mó ná EUR 1 250,00, pionós a ghearradh ar an sárú le fíneáil chnapshuime arna laghdú faoi 20 % den cháin atá dlite, gan an cháin ionchuir arna híoc nár asbhaineadh, mar gheall ar easpa dearbhaithe, a bheith inasbhainte chun an fhíneáil a ríomh agus fad nach bhfuil feidhm, faoi mhír 2 d'Airteagal 1 d'Fhoraithne Ríoga Uimh. 41, ag an scála laghdaithe dá bhforáiltear i dTáblaí A go J den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ordú seo ach amháin ar choinníoll go ndearnadh na cionta ar gearradh pionós orthu gan rún an cháin a sheachaint nó an méid sin a éascú?

2)

An amhlaidh gur íoc an duine inchánach méid na cánach is iníoctha go deonach nó nach ea tar éis an iniúchta d'fhonn neamhdhóthanacht íocaíocht na cánach a leigheas agus, dá bhrí sin, an cuspóir a bhaint amach chun bailiú ceart na cánach a chinntiú, an mbeadh tionchar ag an méid sin ar fhreagra na ceiste?


(1)  IO 2006 L 347, lch. 1.