19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/33


Iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 14 Meitheamh 2022 – “Trade Express-L” OOD v Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia “Darzhaven rezerv i voennovremenni zapasi”

(Cás C-395/22)

(2022/C 359/38)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Varna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir:“Trade Express-L” OOD

Cosantóir: Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia “Darzhaven rezerv i voennovremenni zapasi”

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear aithris 33, Airteagail 1, 3, 8 agus 2(i) agus (j) de Threoir 2009/119/CE (1) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád, ag cur chuspóir na Treorach sin agus Airteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh san áireamh, agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 52(1), i gcomhar le hAirteagal 17, den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhféadfar oibleagáid a chur ar dhaoine a chuir fáltais laistigh den Chomhphobal d’olaí bealaithe faoi Phointe 3.4.20 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 1009/2008 i gcrích (nó allmhaireoirí olaí bealaithe den sórt sin) cúlstoc a chruthú?

2.

An gcaithfear aithris 33, Airteagail 1, 3, 8 agus 2(i) agus (j) de Threoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád, ag cur chuspóir na Treorach sin san áireamh, agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 52(1), i gcomhar le hAirteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil na cineálacha táirgí nach mór cúlstoc dóibh a chruthú agus a choimeád teoranta do chuid de na cineálacha táirgí a leagtar síos in Airteagal 2(i) den Treoir sin, i gcomhar le Caibidil 3.4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008?

3.

An gcaithfear aithris 33, Airteagail 1, 3, 8 agus 2(i) agus (j) de Threoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád, ag cur chuspóir na Treorach san áireamh, agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 52(1), i gcomhar le Airteagal 17, den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil oibleagáid ar dhuine a dhéanann fáltais nó allmhairiú laistigh den Chomhphobal de chineál amháin de na táirgí dá bhforáiltear in Airteagal 2(i) den Treoir, i gcomhar le Caibidil 3.4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, cúlstoc de chineál eile táirge dhifriúil a chruthú agus a choimeád?

4.

An gcaithfear aithris 33, Airteagail 1, 3, 8 agus 2(i) agus (j) de Threoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád, ag cur chuspóir na Treorach sin san áireamh, agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 52(1), i gcomhar le hAirteagal 17, den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil oibleagáid ar dhuine stoc a chruthú agus a choimeád de tháirge nach n-úsáideann sé le linn a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus nach mbaineann leis an ngníomhaíocht sin, sa chaoi is go mbíonn ualach mór airgeadais i gceist leis sin freisin (nach bhféadfaí, mar thoradh air sin, a chomhlíonadh sa chleachtas) toisc nach bhfuil an táirge sin ag an duine agus nach ndéanann sé é a allmhairiú ná a choimeád?

5.

Más freagra diúltach a thabharfar ar aon cheann de na ceisteanna sin: An gcaithfear aithris 33, Airteagail 1, 3, 8 agus 2(i) agus (j) de Threoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád, ag cur chuspóir na Treorach sin san áireamh, agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 52(1), i gcomhar le hAirteagal 17, den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú sa chaoi nach bhféadfadh duine a chuir fáltais nó allmhairiú laistigh den Chomhphobal de chineál áirithe táirge i gcrích a bheith faoi oibleagáid ach cúlstoc den chineál sin táirge amháin a bhí ina ábhar den fháltas nó allmhairiú laistigh den Chomhphobal a chruthú agus a choimeád?


(1)  IO 2009 L 265, lch. 9.

(2)  IO 2008 L 304, lch. 1.