19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/31


Iarraidh ar réamhrialú ón rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s-Hertogenbosch (an Ísiltír) a taisceadh an 15 Meitheamh 2022 – X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-392/22)

(2022/C 359/35)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag, zittingsplaats 's -Hertogenbosch (an Ísiltír)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: X

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

Ar chóir Rialachán Bhaile Átha Cliath, (1) ag féachaint d’aithrisí 3, 32 agus 39 de, agus arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1, 4, 18, 19 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontas Eorpaigh, a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcaoi nach bhfuil prionsabal an iontaoibhe idirstáit inroinnte, sa chaoi gurbh é an toradh a bheadh ar sháruithe dáiríre agus córasacha ar dhlí an Aontais arna dhéanamh ag Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith freagrach astu, roimh aistrithe, maidir le náisiúnaigh de thríú tír nach fillithe de bhrí Rialachán Bhaile Átha Cliath (go fóill) iad, ná bac iomlán ar a n-aistriú chuig an Ballstáit sin?

2.

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist roimhe seo, ar chóir Airteagal 3(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1, 4, 18, 19 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontas Eorpaigh, a léiriú sa chaoi gurb é is ciall leis ná, má dhéanann an Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith freagrach as sárú ar dhlí an Aontais i gcaoi dháiríre agus chórasach, nach féidir leis an mBallstáit a dhéanann an t-aistriú, de réir chreat Rialachán Bhaile Átha Cliath, brath go dall ar phrionsabal an iontaoibhe idirstáit agus nach mór dó gach amhras a dhíbhe nó a léiriú nach gcuirfear an t-iarratasóir i ndálaí atá i gcontrárthacht le hAirteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i ndiaidh an aistrithe?

3.

Cén fhianaise ar féidir leis an iarratasóir a úsáid mar thaca lena áitimh go gcuireann Airteagal 3(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath bac ar a aistriú, agus cén caighdeán cruthúnais ar chóir a chur i bhfeidhm? I bhfianaise na dtagairtí do acquis an Aontais in aithrisí Rialachán Bhaile Átha Cliath, an bhfuil dualgas comhair nó fíoraithe ar an mBallstát a dhéanann an t-aistriú, nó, i gcás sáruithe dáiríre nó córasacha ar chearta bunúsacha de chuid náisiúnaigh tríú tír, an bhfuil sé riachtanach go bhfaighfí ráthaíochtaí ón mBallstáit a bheadh freagrach go léireofar meas (go cinnte) ar chearta bunúsacha an iarratasóra i ndiaidh a aistrithe? An bhfuil freagra éagsúil ar an gceist seo má tá easpa fianaise ag an iarratasóir a mhéid nach bhfuil sé in iúl tacú lena ráitis sheasmhacha agus mhionshonraithe le doiciméid, nuair nach féidir a bheith ag súil go ndéanfadh sé amhlaidh, i bhfianaise chineál na ráiteas?

4.

An bhfuil freagra éagsúil ar na ceisteanna seo romhainn faoi III éagsúil má léiríonn an t-iarratasóir nach mbeidh gearán chuig na húdaráis agus/nó dul i muinín leigheasanna dlí sa Bhallstáit freagrach indéanta agus/nó nach mbeidh éifeacht acu sin?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO 2013 L 180, lch. 31).