|
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 359/27 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 8 Meitheamh 2022 – G sp. z o.o. v W S. A.
(Cás C-371/22)
(2022/C 359/30)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: G sp. z o.o.
Cosantóir: W S. A.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An gcaithfear Airteagal 3(5) agus (7) de Threoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 96/92/CE (1) lena gceanglaítear go bhfeidhmeofar cearta custaiméara fuinnimh (gnóthas beag), i gcás ina n-athraítear soláthraí fuinnimh, i gcomhréir leis an riail lena n-áirítear gur féidir le custaiméar incháilithe athrú go soláthraí nua go héasca, agus go ndéanfaí an t-athrú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, díchill nó ama de, a léiriú amhail go gcuirtear toirmeasc leis ar an bhféidearthacht pionós conarthach a forchur ar chustaiméir fuinnimh as conradh soláthair fuinnimh ar théarma seasta a fhoirceannadh i gcás inar mian leis an gcustaiméir fuinnimh soláthraí fuinnimh a athrú, beag bean ar mhéid an chaillteanais arna fhulaingt (Airteagail 483(1) agus 484(1) agus (2) den Ustawa z dnia 23 kwietnia 1964 r. kodeks cywilny [Dlí an 23 Aibreán 1964 lena mbunaítear an Cód Sibhialta]) agus gan aon chritéir a leagan amach sa Dlí maidir le Fuinnimh (Airteagal 4j(3a) den Ustawa z dnia 10 kwietnia 1997 r. prawo energetyczne [Dlí maidir le Fuinneamh an 10 Aibreán 1997]) maidir lena leithéid de tháillí a ghearradh nó a bhunú? |
|
2. |
An gcaithfear Airteagal 3(5) agus (7) de Threoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 96/92/CE lena gceanglaítear go bhfeidhmeofar cearta custaiméara fuinnimh (gnóthas beag), i gcás ina n-athraítear soláthraí fuinnimh, i gcomhréir leis an riail lena n-áirítear gur féidir le custaiméar incháilithe athrú go soláthraí nua go héasca, agus go ndéanfaí an t-athrú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, díchill agus ama de, a léiriú amhail go gcuirtear toirmeasc leis ar léiriú a dhéanamh ar chlásail conarthacha a fhágann gur féidir, i gcás luathfhoirceannadh conartha soláthair fuinnimh arna thabhairt i gcrích le soláthraí ar feadh téarma seasta, táillí a ghearradh ar thomhaltóirí (gnóthais beaga) a fhreagraíonn de facto do chostas an fhuinnimh nár ídíodh sular tugadh an conradh i gcrích, i gcomhréir leis an riail maidir le “dearbhoibleagáid íocaíochta”? |