|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 303/20 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Vestre Landsret (an Danmhairg) a taisceadh an 8 Meitheamh 2022 – Skatteministeriet v Danish Fluid System Technologies A/S
(Cás C-368/22)
(2022/C 303/26)
Teanga an cháis: an Danmhairgis
An chúirt a rinne an tarchur
Vestre Landsret
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Skatteministeriet
Cosantóir: Danish Fluid System Technologies A/S
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear fo-cheannteideal 7307 22 10 d’Ainmníocht Chomhcheangailte na Comhtharaife Custaim, arna leasú le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 861/2010 (1) ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2010 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, a léirmhíniú sa chaoi go gcumhdaítear earraí amhail na cinn atá i gceist sna príomhimeachtaí?