22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/30


Caingean arna tabhairt an 3 Meitheamh 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na hÍsiltíre

(Cás C-360/22)

(2022/C 318/42)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaí: W. Roels, i gcáil Gníomhaire)

Cosantóir: Ríocht na hÍsiltíre

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú, trí Airteagail 85(1)(b) agus 87(2)(f) den Pensioenwet (an tAcht Pinsin), arna léamh i bhfianaise Airteagal 19b(2) den Wet op de loonbelasting (an Dlí um Cháin ar Phá), a ghlacadh agus a choinneáil i bhfeidhm, gur mhainnigh Ríocht na hÍsiltíre a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 45, 56 agus 63 CFAE agus Airteagal 28, 36 agus 40 de Chomhaontú LEE;

a ordú do Ríocht na hÍsiltíre na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Measann an Coimisiúin go bhfuil reachtaíocht na hÍsiltíre, a bhaineann le haistriú caipitil pinsin atá carntha sa “dara colún”, mar a thugtar air, carnadh pinsin fhorlíontaigh tríd an bhfostóir, ar neamhréir le saorghluaiseacht oibrithe, seirbhisí agus caipitil, toisc, i gcás trasteorann, nach féidir caipiteal pinsin a aistriú amach gan cáin a ghearradh air ach amháin más ionann, nó níos teoranta, na féidearthachtaí atá ann chun an pinsin a fhuascailt mar chaipiteal agus na féidearthachtaí atá ann san Ísiltír. I roinnt Ballstát, is féidir pinsean a fhuascailt go hiomlán nó go páirteach i bhfoirm íocaíochta aonair trína ngearrtar cáin ar oibrithe taistil a aistríonn a gcaipiteal pinsin chuig ceann de na Ballstáit sin. Ní ghearrtar cáin ar aistrithe caipitl pinsin dá leithéid san Ísiltír.