5.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 340/18


Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 1 Meitheamh 2022 – Bolloré logistics SA v Direction interrégionale des douanes et droits indirects de Caen, Recette régionale des douanes et droits indirects de Caen, Bolloré Ports de Cherbourg SAS

(Cás C-358/22)

(2022/C 340/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bolloré logistics SA

Cosantóirí: Direction interrégionale des douanes et droits indirects de Caen,

Recette régionale des douanes et droits indirects de Caen,

Bolloré Ports de Cherbourg SAS

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

Ar cheart Airteagail 195, 217 agus 221 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (1), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail d’fhaoisimh ó dhleacht chustaim (2), a léiriú sa chaoi gurb é is brí leo ná nach bhféadfaidh na húdaráis chustaim a cheangal ar an ráthóir comhpháirteach agus leithleach fiach custaim a íoc go dtí go gcuirfear na dleachtanna in iúl mar is cóir de réir an dlí don fhéichiúnaí?

2)

a)

An é is brí le cearta na cosanta a urramú, go háirithe an ceart barúlacha a chur isteach sula ndéanfar aon ghníomh a dhéanfadh dochar don fhéichiúnaí, ar bunphrionsabal de dhlí an Aontais é, i gcás ina leanfar leis an bhfiach custaim a aisghabháil ón ráthóir in éagmais íocaíochta ón bhféichiúnaí laistigh den tréimhse fhorordaithe, nach mór do na húdaráis chustaim an deis a thabhairt don ráthóir a thuairimí a chur in iúl go héifeachtach maidir leis na gnéithe ar a bhfuil sé beartaithe acu a gcinneadh leanúint ar aghaidh leis an íocaíocht a fhorfheidhmiú a bhunú?

b)

An bhfuil tionchar aige ar fhreagra cheist 2(a) go raibh an deis ag an bhféichiúnaí é féin a thuairimí a chur in iúl go héifeachtach roimh chur in iúl na ndleachtanna?

c)

I gcás freagra dearfach ar cheist 2(a), cé acu cinneadh a dhéanfaidh dochar don ráthóir a gcaithfeadh céim inter partes teacht roimhe: cinneadh an údaráis chustaim na dleachtanna a iontráil sna cuntais agus iad a chur in iúl d’fhéichiúnaí na bhfiach custaim nó an cinneadh íocaíocht a fhorfheidhmiú ar an ráthóir?


(1)  IO 1992, L 302, lch. 1.

(2)  IO 2009, L 324, lch. 23.