19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/26


Iarraidh ar réamhrialú ón Oberlandesgericht Hamm (an Ghearmáin) a taisceadh an 1 Meitheamh 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne A.

(Cás C-352/22)

(2022/C 359/28)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht Hamm (an Ghearmáin)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

An duine iarrtha: A.

Éilitheoir: Generalstaatsanwaltschaft Hamm

An cheist a tharchuirtear

Ar cheart forálacha comhcheangailte d’Airteagal 9(2) agus (3) de Threoir 2013/32/AE (1) agus Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95/AE (2) a léirmhíniú sa chiall go bhfuil aitheantas cinntitheach do dhuine mar dhídeanaí de réir bhrí Choinbhinsiún na Ginéive maidir le stádas dídeanaithe i mBallstát eile den Aontas Eorpach, ina cheangal chun críocha an nós imeachta eiseachadta sa Bhallstát ar iarradh air duine den sórt sin a eiseachadadh mar gheall ar an oibleagáid faoi dhlí an Aontais an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir leis na treoracha (Airteagal 288, tríú mír, CFAE agus Airteagal 4(3) CAE), is é sin le rá, an bhfuil sé ceangailteach sa chaoi go bhfuil sé fíor-dhodhéanta an duine a eiseachadadh chuig an tríú tír nó chuig an tír thionscnaimh go dtí go ndéanfar aitheantas mar dhídeanaí a chúlghairm nó go dtí go mbeidh sé imithe in éag?


(1)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 26 Meitheamh 2013, maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013, L 180, lch. 60).

(2)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 13 Nollaig 2011, maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus inneachar na cosanta a thugtar (IO 2011, L 337, lch. 9).