19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/24


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) (an Phortaingéil) a taisceadh an 24 Bealtaine 2022 – Cofidis v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-340/22)

(2022/C 359/26)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Codifis

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An gcuirtear cosc le Treoir 2014/59/AE (1) an 15 Bealtaine 2014 ar cháin a ghearradh, i mBallstáit amháin, ar bhrainsí d’fhorais airgeadais atá cónaitheach i mBallstát eile den Aontas Eorpach de réir reachtaíochta amhail na rialacha intíre de chuid na Portaingéile maidir leis an tobhach dlúthpháirtíochta breise a ghearrtar san earnáil baincéireachta ar dhliteanais arna gcoigeartú agus ar luach barúlach na n-ionstraimí díorthaíocha airgeadais atá lasmuigh den chlár comhardaithe nach ndáiltear na fáltais uathu ar shocruithe náisiúnta um maoiniú bearta réitigh ná ar mhaoiniú an Chiste Réitigh Aonair?

2.

An gcuirtear cosc leis an saoirse bhunaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 49 CFAE ar reachtaíocht náisiúnta amhail atá i rialacha intíre na Portaingéile maidir leis an tobhach dlúthpháirtíochta breise a ghearrtar ar an earnáil baincéireachta, lena gceadaítear míreanna dliteanais áirithe a chuirtear san áireamh agus cistí dílse Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 á ríomh a bhaint as na dliteanais atá socraithe agus formheasta, i gcomhréir le Cuid II de Rialachán (AE) 575/2013 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 648/2012, agus na forálacha idirthréimhseacha dá bhforáiltear i gCuid IX den Rialachán sin á gcur san áireamh, ar forálacha iad nach bhféadfadh ach forais a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu iad a eisiúint, is é sin le rá, nach bhféadfadh brainsí d’fhorais chreidmheasa neamh-chónaitheacha iad a eisiúint?


(1)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(2)  IO 2013 L 176, lch. 1.