25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/20 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Svea hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 24 Bealtaine 2022 – BSH Hausgeräte GmbH v Aktiebolaget Electrolux
(Cás C-339/22)
(2022/C 284/23)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Svea hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: BSH Hausgeräte GmbH
Cosantóir: Aktiebolaget Electrolux
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An gcaithfear Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 1215/2012 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé go dtugann an teilgean “…imeachtaí a bhaineann le clárú nó le bailíocht paitinní … cuma an ndúisítear an cheist ar mhodh caingne nó mar chosaint” le fios nach bhfuil dlínse a thuilleadh ag cúirt náisiúnta, a dhearbhaíonn, de bhun Airteagal 4(1) den Rialachán sin, go bhfuil dlínse aici le díospóid maidir le sárú paitinne a éisteacht, chun an tsaincheist maidir le sárú a mheas má ardaítear cosaint go bhfuil an phaitinn faoi cheist neamhbhailí, nó an é gur chóir é a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach bhfuil easpa dlínse ag an gcúirt náisiúnta ach amháin maidir le cosaint neamhbhailíochta a éisteacht? |
2. |
An imrítear tionchar ar an bhfreagra ar Cheist 1 má tá forálacha den dlí náisiúnta ann atá cosúil leo sin arna leagan síos sa dara fomhír de Mhír 61 den Patentlagen (Dlí na bPaitinní), a chiallaíonn, ionas go n-éistfear cosaint neamhbhailíochta i gcás maidir le sárú, nach mór don chosantóir caingean ar leith le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta a thabhairt? |
3. |
An bhfuil Airteagal 24(4) de Rialachán an Bhruiséil I (2) le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige i gcúirt tríú tír, is é sin le rá, sa chás áirithe seo, go mbronntar dlínse eisiach ar chúirt sa Tuirc maidir leis an gcuid den phaitinn Eorpach a bailíochtaíodh ansin? |
(2) Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus aitheantas agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1).