22.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 318/26 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 13 Bealtaine 2022 – Z. sp. z o.o. v A. S.A.
(Cás C-326/22)
(2022/C 318/38)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Z. sp. z o.o.
Cosantóir: A. S.A.
An cheist a tharchuirtear
I gcomhthéacs phrionsabal éifeachtacht dhlí an Aontais, an gá Airteagal 16(1) de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008, maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (1), a léirmhíniú amhail is go bhféadfadh tomhaltóir, nó gnóthas ar aistrigh an tomhaltóir chuige a c(h)earta faoin bhforáil sin den Treoir, a iarraidh, dá bhun, ar an gcreidiúnaí cóip den chomhaontú a thabhairt ar láimh (agus na téarmaí gnó atá mar chuid den chomhaontú), chomh maith leis an bhfaisnéis a bhaineann le híocaíocht an chreidmheasa atá riachtanach, ar thaobh amháin, chun an cruinneas a fhíorú maidir le ríomh na suimeanna a íocadh leis an tomhaltóir mar aisíocaíocht pro rata ar chostais iomlán an chreidmheasa i ndáil le híocaíocht luath a rinneadh agus, ar an taobh eile, caingean a thionsnamh maidir le haisíocaíocht na suimeanna sin?