|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 303/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad – Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 13 Bealtaine 2022 – TS, HI v Ministar na zemedelieto, hranite i gorite
(Cás C-325/22)
(2022/C 303/21)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Administrativen sad – Varna
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: TS, HI
Cosantóir: Ministar na zemedelieto, hranite i gorite
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An bhfuil tairbhí de Státchabhair arna deonú go neamhdhleathach faoi chonradh babhtála lena bhfuarthas talamh i limistéar foraoise (faoi úinéireacht an Stáit faoi dhlí príobháideach) eisiata ó shainmhíniú an téarma “gnóthas”, i gcás, mar is léir óna chláir chomhardaithe bhliantúla, go ndéantar gníomhaíocht eacnamaíoch trí earraí agus seirbhísí a thairiscint ar an margadh lena mbaineann, ach, i gcomhréir le haithris 127 ó (Cinneadh (1) [AE] 2015/456 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2014 maidir le scéim cúnaimh Uimh SA>26212 [11/C] [ex 11/NN – x CP 176/A/08] agus SA.26217 [11/C] [ex 11/NN – ex CP 176/B/08], a bhfuil feidhm aige maidir le babhtáil limistéar foraoise sa Bhulgáir [tugadh fógra ina leith faoi dhoiciméad C(2014) 6207]), nach ndéanann gníomhachtaí eacnamaíocha go díreach nó go hindíreach leis an talamh a fuarthas de bharr na babhtála, de bharr go bhfuil foráil sa dlí náisiúnta le haghaidh toirmeasc oibiachtúil lena gcuirtear cosc ar an tairbhí athrú a dhéanamh ar úsáid na talún agus tógáil ar an talamh a bhaintear ón stoc foraoise nó an talamh a dhíol? |
|
2. |
An bhfuil Airteagal 107 CFAE le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm i slí, i leith an stádais “gnóthas” agus chur i bhfeidhm na gcritéar i dtaobh “gnóthas”, agus ag féachaint do na sonraí a bailíodh maidir leis an gcéad chéim den nós imeachta riaracháin do thoiliú roimh ré, an tionscadal infheistíochta mar a chuirtear i bhfeidhm agus mar a mhínítear go fíorasach ar thairbhí na Státchabhrach neamhdhleathaí, atá le réadú ar thalamh foraoise atá faoi úinéireacht an Stáit arna bhfuarthas trí bhabhtáil agus atá ina réamhriachtanas don nós imeachta maidir le baint ón stoc foraoise den talamh a fuarthas chun críche na tógála, ní mór a chur san áireamh mar chúinse dlí ábhartha, gan beann go bhfuil sé indéanta an tionscadal infheistíochta a réadú mar gheall ar an moratóir arna fhorchur ag an bParlaimint agus an fhoráil reachtúil a glacadh ina dhiaidh sin ina bhfuil toirmeasc sainráite a chuireann cosc ar athrú a dhéanamh ar úsáid na talún a fuarthas ón Stát agus cosc tógáil ar an talamh sin? |
|
3. |
An bhfuil Airteagal 107 CFAE agus Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2015/1589 (2) le léirmhíniú mar bhac, chun críche an mhéid Státchabhrach a fhaightear ó bhabhtáil limistéir foraoise (faoi úinéireacht an Stáit faoi dhlí príobháideach), reachtaíocht náisiúnta mar fhorálacha do phointí 2 agus 4 de mhír 1a (forálacha forlíontacha) den Zakon za darzhavnata sobstvenost (Dlí na húinéireachta Stáit) lena gcuirtear bac ar phraghas margaidh a bhunú don talamh toisc go leagtar síos leis táscairí margaidh agus critéir luachála don ríomh agus mar sin go n-imítear ó luach iarbhír na talún, agus, sa chiall sin, an sáraíonn an reachtaíocht náisiúnta sin prionsabal na héifeachtachta? |
(1) Cinneadh (AE) 2015/456 ón gCoimisiúin an 5 Meán Fómhair 2014 maidir le scéim Cúnamh Uimh. SA.26212 (11/C) (ex 11/NN – ex CP 176/A/08) agus SA.26217 (11/C) (ex 11/NN – ex CP 176/B/08) a chuir Poblacht na Bulgáire chun feidhme i gcomhthéacs babhtáil limistéar foraoise (tugadh fógra ina leith faoi dhoiciméad C(2014 6207) (IO 2015 L 80, lch. 100).
(2) Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248. lch. 9).