19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/23


Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) an 12 Bealtaine 2022 – E. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

(Cás C-322/22)

(2022/C 359/24)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Naczelny Sąd Administracyjny

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: E.

Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

An cheist a tharchuirtear

An gcoisctear le prionsabal na héifeachtachta, prionsabal an chomhair dhílis agus prionsabal na coibhéise, a leagtar amach in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite – IO AE C 326/13 an 26 Deireadh Fómhair 2012), agus aon phrionsabal ábhartha eile dá bhforáiltear le dlí an Aontais Eorpaigh, foráil náisiúnta amhail Airteagal 78(5), pointí 1 agus 2 den ustawa z 29 sierpnia 1997 r. Ordynacja podatkowa (tekst jedn. Dz.U. z 2012 r. poz.749 z późn.zm.) [Dlí an 29 Lúnasa 1997 lena sonraítear rialacha cánach (téacs comhdhlúite, IO 2012 pos.749 mar a leasaíodh)] lena bhforáiltear nach bhfuil an ús ar ró-íocaíochtaí cánacha arna mbailiú ag an íocóir de shárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh le híoc don cháiníocóir don tréimhse tar éis 30 lá ón dáta a fhoilsítear breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena n-aithnítear neamhréireacht an bhailithe cánach le dlí [an Aontais] san Iris Oifigiúil más rud é gur chuir an cáiníocóir an iarraidh go n-aithneofaí an ró-íocaíocht sin in iúl i ndiaidh dul in éag na teorann ama sin agus go bhfuil na forálacha den dlí náisiúnta maidir le bailiú na cánach, in ainneoin bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 10 Aibreán 2014, C-190/12 (ECLI:EU:C:2014:249), ar neamhréir le dlí an Aontais Eorpaigh?