5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Köln (an Ghearmáin) a taisceadh an 11 Bealtaine 2022 – Gesamtverband Autoteile-Handel eV v Scania CV AB
(Cás C-319/22)
(2022/C 340/19)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Köln
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Gesamtverband Autoteile-Handel eV
Cosantóir: Scania CV AB
Na ceisteanna a tharchuirtear:
I. |
An cumhdaítear leis an gceanglas sa dara habairt d’Airteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2018/858 (1) “Cuirfear an fhaisnéis i láthair ar bhealach so-inrochtana i bhfoirm tacair sonraí a bheidh inléite ag meaisín agus a bheidh inphróiseáilte go leictreonach”, an fhaisnéis ar fad faoi dheisiú agus faoi chothabháil de réir bhrí phointe 48 d’Airteagal 3 den Rialachán sin, nó an gcuirtear teorainn ar an gceanglas ag “faisnéis faoi pháirteanna spártha” (“[p]áirteanna […] na feithicle […] is féidir a athsholáthar le páirteanna spártha”) de bhun phointe 6.1 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin? |
II. |
Ar cheart an dara habairt d’Airteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2018/858, lena gceanglaítear go gcuirfí faisnéis i láthair “ar bhealach so-inrochtana i bhfoirm tacair sonraí a bheidh inléite ag meaisín agus a bheidh inphróiseáilte go leictreonach”, agus an dara fomhír d’Airteagal 61(2), lena bhforáiltear, d'oibreoirí neamhspleácha seachas do dheisitheoirí, “[go d]tabharfar an fhaisnéis, freisin, i bhformáid a bheidh inléite ag meaisín, formáid a fhéadfar a phróiseáil go leictreonach le huirlisí agus le bogearraí teicneolaíochta faisnéise atá ar fáil go coitianta agus lenar ligfear d'oibreoirí neamhspleácha an cúram a bhaineann lena gcuid gnó i slabhra soláthair an mhargaidh iardhíola a chur i gcrích”, a léiriú sa chaoi gurb é is brí léi ná go gcomhlíonann an monaróir feithicle a oibleagáidí maidir leis an méid sin
|
III. |
An oibleagáid dlí, de réir bhrí Airteagal 6(1)(c) de RGCS é Airteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2018/858 ar mhonaróirí feithicle, lena dtugtar bonn cirt do scaoileadh VINanna nó faisnéise atá nasctha le VINanna le hoibreoirí neamhspleácha ar rialaitheoirí eile iad de réir bhrí phointe 7 d’Airteagal 4 de RGCS? |
(1) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1)