26.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 368/11 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel București, (an Rómáin) a taisceadh an 6 Bealtaine 2022 — Imeachtaí coiriúla in aghaidh C.J.
(Cás C-305/22)
(2022/C 368/16)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel București
Duine is ábhar don bharántas gabhála Eorpach
C.J.
Na ceisteanna a tharchuirtear
1) |
An gá forálacha Airteagal 25 de Chinneadh Réime 2008/909/CGB (1) a léirmhíniú sa chiall go bhfuil an t-údarás breithiúnach a fhorghníomhaíonn an barántas gabhála Eorpach, má tá sé ar intinn aige Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB (2) a chur i bhfeidhm chun aitheantas a thabhairt don bhreithiúnas lena ngearrtar pianbhreith, faoi cheangal a iarraidh go ndéanfar an breithiúnas agus an deimhniú arna eisiúint de bhun Chinneadh Réime 2008/909/CGB a chur ar aghaidh agus toiliú an Stáit a chuireann an phianbhreith a fháil de bhun Airteagal 4(2) den Chinneadh Réime 2008/909/CGB? |
2) |
An gá forálacha Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 25 agus 4(2) de Chinneadh Réime 2008/909/CGB, a léirmhíniú sa chiall go bhféadfaidh an Stáit a thug an phianbhreith mar thoradh ar dhiúltiú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú a eisíodh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú agus chun breithiúnas lena ngearrtar pianbhreith a aithint, gan é a fhorghníomhú go héifeachtach trí phríosúnacht an duine faoi phianbhreith tar éis pardún a fháil agus an phianbhreith a chur ar fionraí faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh, gan toiliú an Stáit a chuireann an phianbhreith a fháil i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le haitheantas, an ceart chun an phianbhreith a fhorghníomhú a fhorghéilleadh faoi Airteagal 22(1) de Chinneadh Réime 2008/909? |
3) |
An gá forálacha Airteagal 8(1)(c) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB a léirmhíniú sa chiall nach mbeidh breithiúnas lena bhforchuirtear pianbhreith choimeádta ar eisíodh barántas gabhála Eorpach ar a bhonn, ar diúltaíodh dá fhorghníomhú faoi Airteagal 4(6) [den Chreat-Chinneadh sin] mar aon le haitheantas don bhreithiúnas lena ngearrtar pianbhreith ach gan é a fhorghníomhú go héifeachtach trí phríosúnacht an duine faoi phianbhreith tar éis pardún a fháil agus an phianbhreith a chur ar fionraí, i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh, agus gan toiliú an Stáit a chuireann an phianbhreith a fháil i gcomhthéacs an nós imeachta aitheantais, in-fhorghníomhaithe a thuilleadh? |
4) |
An gá forálacha Airteagal 4(5) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB a léirmhíniú sa chiall gurb ionann breithiúnas lena ndiúltaítear barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú a eisíodh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú agus chun breithiúnas lena ngearrtar pianbhreith a aithint de bhun Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, ach gan é a fhorghníomhú go héifeachtach trí phríosúnacht an duine faoi phianbhreith tar éis pardún a fháil agus an phianbhreith a chur ar fionraí, i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh (Ballstát de chuid an Aontais) agus gan toiliú an Stáit a chuireann an phianbhreith a fháil i gcomhthéacs an nós imeachta aitheantais, agus breithiúnas “ó thríú Stát i leith na ngníomhartha céanna”? Má tá freagra dearfach ar an gceathrú ceist: |
5) |
An gá forálacha Airteagal 4(5) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB a léirmhíniú sa chiall gurb ionann breithiúnas lena ndiúltaítear barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú a eisíodh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú agus chun breithiúnas lena ngearrtar pianbhreith a aithint de bhun Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, agus an phianbhreith a chur ar fionraí, i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh, agus pianbhreith atá “á cur isteach faoi láthair” i gcás nach bhfuil maoirseacht ar an duine ar cuireadh pianbhreith air tosaithe fós? |
(1) Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach. (IO 2008, L 327, lch. 27).
(2) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1).