16.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 311/3


Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos Aukščiausiasis Teismas a taisceadh an 4 Bealtaine 2022 – M. D. v “Tez Tour” UAB

(Cás C-299/22)

(2022/C 311/05)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos Aukščiausiasis Teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M. D.

Cosantóir:“Tez Tour” UAB

Idiragraí:“Fridmis” UAB

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

Ionas gur féidir a mheas go bhfuil cúinsí urghnácha agus dosheachanta, de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2015/2302 (1), tar éis teacht chun cinn ag an gceann scríbe, nó sa gharchomharsanacht, an gá go mbeadh ann do rabhadh oifigiúil ó udaráis an Stáit a fágadh agus/nó an Stáit is ceann scríbe chun taisteal neamhriachtanach a sheachaint agus/nó go n-aicmeofaí an tír is ceann scríbe (chomh maith leis an tír a fágadh, b’fhéidir) mar chuid de limistéar riosca?

2.

Agus cinneadh á dhéanamh an ann do chúinsí dosheachanta agus urghnácha ag an gceann scríbe nó sa gharchomharsnacht tráth rinneadh an conradh taistil láneagraithe a fhoirceannadh agus an bhfuil tionchar suntasach acu ar chomhlíonadh an turais: (i) ar cheart gan aird a thabhairt ach ar chúinsí oibiachtúla, is é sin le rá, an é nach mbaineann éifeachtaí suntasacha ar chomhlíonadh an turais ach leis sin atá dodhéanta go hoibiachtúil, agus gur gá iad a léirmhíniú amhail nach gcuimsítear leo ach cásanna ina bhfuil chomhlíonadh an chonartha dodhéanta go fisiciúil agus de réir an dlí araon, nó an mbaineann siad chomh maith le cásanna, mar sin féin, nach bhfuil sé dodhéanta an conradh a chomhlíonadh ach (sa chás seo, toisc eagla i leith ionfhabhtú COVID- 19 – agus bunús maith léi) go n-éiríonn sé casta agus/nó neamhéifeachtach ó thaobh cúrsaí airgid de (ag féachaint do shábháilteacht na dtaistealaithe, don bhaol i leith a sláinte agus /nó a saol, agus an fhéideartheacht chun aidhmeanna an taistil ar laethanta saoire a bhaint amach); (ii) an bhfuil cúinsí suibiachtúla ábhartha, amhail leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois a bhfuil daoine fásta ag taisteal leo, nó bheith mar chuid de ghrúpa atá níos mó i mbaol ag an víreas, toisc aois nó sláinte an taistealaí nó mar sin de? An bhfuil sé de cheart ag an taistealaí an conradh taistil láneagraithe a fhoirceannadh má éiríonn sé neamhshábháilte dul chuig an gceann scríbe agus teacht ar ais, i dtuairim gnáth-thaistealaí, de bharr na paindéime, nó má eascraíonn míchaoithiúlacht don taistealaí dá bharr sin nó má tá bunús maith aige nó aici eagla a bheith air nó uirthi toisc baol don tsláinte nó ionfhabhtú le víreas contúirteach?

3.

An bhfuil tionchar ar bhealach éigin ar an gceart chun an conradh a fhoirceannadh gan táille fhoirceannadh a íoc (m.sh. tríd an gceart sin a shéanadh, trí chritéir níos déine a chur i bhfeidhm i leith mheasúnú ar an drochéifeacht i leith an turas a chomhlíonadh, nó mar sin de) de bharr go raibh na cúinsí, a mbraitheann an taistealaí orthu, tagtha chun cinn cheana féin, nó ar a laghad go rabhthas ag súil leo nó go raibh dóchúlacht ina leith nuair a cuireadh an turas in áirithe? Agus an critéar maidir le hintuarthacht mheasartha á chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na paindéime, ar cheart aird a thabhairt ar an bhfíoras, cé go raibh fáisnéis i leith scaipeadh an víris foilsithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte cheana tráth a cuireadh an conradh turais láneagraithe i gcrích, gur dheacair fós cúrsa agus iarmhairtí an na paindéime a thuar, níorbh ann do bhearta soiléire leis an víreas a bhainistiú agus a smachtú ná sonraí leordhóthanacha maidir leis an ionfhabhtú féin agus an géarú ar an méadú ar na hionfhabhtuithe ó cuireadh an turas in áirithe go dtí gur léir go raibh sé le cur ar ceal?

4.

Agus cinneadh á dhéanamh an ann do chúinsí dosheachanta agus urghnácha ag an gceann scríbe nó sa gharchomharsnacht tráth a rinneadh an conradh taistil láneagraithe a fhoirceannadh agus an bhfuil tionchar suntasach acu ar chomhlíonadh an turais, an é nach mbaineann an coincheap maidir le “ceann scríbe nó a gharchomharsnacht” ach leis an Stát teachta, nó, i bhfianaise nádúr na ngcúinsí dosheachanta agus urghnácha, is é sin, ionfhabhtú le víreas gabhálach, an mbaineann sé freisin leis an Stát a fhágtar chomh maith le pointí a bhaineann le dul ar an turas agus filleadh uaidh (pointí aistrithe, modhanna iompar áirithe agus mar sin de)?


(1)  Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO 2015 L 326, lch. 1).