1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 294/14


Achomharc arna thabhairt an 3 Bealtaine 2022 ag Chemours Netherlands BV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (Ochtú Dlísheomra) a tugadh an 23 Feabhra 2022 i gCás T-636/19, Chemours Netherlands v ECHA

(Cás C-293/22 P)

(2022/C 294/21)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Chemours Netherlands BV (ionadaithe: R. Cana, H. Widemann agus Z. Romata, avocates)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), Ríocht na hÍsiltíre, ClientEarth, ClientEarth AISBL, CHEM Trust Europe eV

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an bhreithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal ina hiomláine;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní (1);

de rogha air sin, an cás a tharchur ar ais chun na Cúirte Ginearálta i gcomhair breithiúnais ar iarratas an iarratasóra le haghaidh neamhniú;

a ordú do ECHA costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear na costais sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, chomh maith le costais na n-idiragraithe.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I dtaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir na saincheisteanna dlí a leanas.

A.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus earráid measúnachta, agus rinne sí Airteagal 57(f) de REACH a shárú agus a mhíléiriú, trína chinneadh nach ndearna ECHA earráid follasach trína mheas go gcruthófaí éifeachtaí dáiríre, lena bhfuil cúis imní a oiread céanna, ar shláinte an duine.

Go sonrach, (a) rinne an Chúirt Ghinearálta earráid measúnachta, agus rinne sí Airteagal 57(f) de REACH a shárú agus a mhíléiriú, trína chinneadh go bhféadfadh ECHA a chinntiú go bhfuil éifeachtaí, ar admhaíodh nach “bonn” an chinneadh atá faoi chonspóid iad, in ann bheith ábhartha agus cinneadh á dhéanamh gurb ann do “chúis imní a oiread céanna”; (b) rinne an Chúirt Ghinearálta earráid measúnachta, agus rinne sí Airteagal 57(f) de REACH a shárú agus a mhíléiriú, trína chinneadh gur chruthaigh ECHA go mbeadh ann do “chúis imní a oiread céanna” mar gheall ar an tocsaineacht fhorbarthach agus éifeachtaí tocsaineacha na n-athdháileoge; agus (c) rinne an Chúirt Ghinearálta earráid measúnachta, agus rinne sí Airteagal 57(f) de REACH a shárú agus a mhíléiriú, trína mheas gur dhlithiúil cinneadh ECHA (i) tosca thromachar na fianaise a chur i bhfeidhm ar na héifeachtaí aonaracha ar shláinte an duine agus (ii) na héifeachtaí ar shláinte an duine agus an timpeallacht a mheas i gcomhpháirt.

B.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid measúnachta, agus rinne sí Airteagal 57(f) de REACH a shárú agus a mhíléiriú, trína dhearbhú nach ndearna ECHA earráid fhollasach trína mheas go gcruthófaí éifeachtaí dáiríre, lena bhfuil cúis imní a oiread céanna, ar an timpeallacht.

Go sonrach, (a) rinne an Chúirt Ghinearálta earráid measúnachta agus rinne sí Airteagal 57(f) a mhíléiriú trí cheadú do ECHA a chruthú gurb ann d’éifeachtaí dáiríre ar an timpeallacht trí bheith ag brath ar shonraí tocsaineachta sláinte an duine; agus (b) rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus rinne sí Airteagal 57(f) a mhíléiriú trí mhainneachtain an easpa bithbhailiú a mheas mar eilimint ábhartha le cur san áireamh ag ECHA agus measúnú á dhéanamh aigein imthosca sonracha an cháis seo.

C.

Rinne an Chúirt Ghinearálta sárú ar phrionsabal na sarmhaitheasa eolaíche, ar prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é, agus ar an gcaighdeán athbhreithnithe.

Mar shárú ar phrionsabal na sarmhaitheasa eolaíche, ar prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é, agus ar an gcaighdeán athbhreithnithe a bhain an Chúirt Ghinearálta conclúidí amach maidir le héifeachtaí dochúlaithe na Substainte agus a rinne sí staidéir eolaíocha a mheas.


(1)  Cinneadh ECHA ED/71/2019 an 4 Meitheamh 2019, a tháinig i bhfeidhm an 16 Meitheamh 2019, a mhéid agus a bhfuil aigéad 2,3,3,3-tetrafluoro-2-(heipteafluaraprópocsa) próipianach, a chuid salann agus a hailidí aicile (agus na hisiméirí agus na teaglamaí díobh) i liosta na substaintí a sainaithníodh le cuimsiú amach ansin in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO 2006 L 396, lch. 1).