8.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 303/12


Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel București (an Rómáin) a taisceadh an 20 Aibreán 2022 – CRRC Qingdao Sifang CO LTD agus Astra Vagoane Călători SA v Autoritatea pentru Reformă Feroviară agus Alstom Ferroviaria SpA

(Cás C-226/22)

(2022/C 303/16)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel București

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: CRRC Qingdao Sifang CO LTD agus Astra Vagoane Călători SA

Cosantóirí: Autoritatea pentru Reformă Feroviară agus Alstom Ferroviaria SpA

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcuirtear cosc le prionsabail na deimhneachta dlíthiúla i gcaidrimh dhlíthiúla agus leis an bprionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint ar reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh Airteagal 25 de Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí (1) amhail ón 5 Aibreán 2021, agus lenar foráladh nach féidir le hoibreoirí eacnamaíocha nach dtagann faoi raon feidhme na bhforálacha sin de dhlí an Aontais leanúint de bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair phoiblí ach amháin má tá tairiscintí tíolactha acu roimh an dáta a tháinig an leasú reachtach sin i bhfeidhm?

2.

An gcuirtear cosc le phrionsabail na córa comhionainne, na trédhearcachta agus na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 18(1) de Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí, i gcomhar le hAirteagal 2(1)(13) agus Airteagal 49 di, ar tháirgeoir a eisiamh ar bhonn gníomh reachtach a bhfuil feidhm dlí aige arna ghlacadh ag rialtas Ballstáit lena leagtar síos riail nua lena leasaítear an sainmhíniú ar “oibreoir eacnamaíoch” tar éis fhoilsiú an fhógra conartha a bhaineann le nós imeachta um dhámhachtain conartha ina bhfuil an duine sin rannpháirteach?


(1)  Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014, L 94, lch. 65).