25.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 284/18


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Lisboa a taisceadh an 20 Aibreán 2022 – Fonds de Garantie des Victimes des Actes de Terrorisme et d’Autres Infractions (FGTI) v Victoria Seguros S.A.

(Cás C-264/22)

(2022/C 284/20)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal da Relação de Lisboa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Fonds de Garantie des Victimes des Actes de Terrorisme et d’Autres Infractions (FGTI)

Cosantóir: Victoria Seguros S.A.

An cheist a tharchuirtear:

An é an dlí is infheidhme maidir leis na rialacha maidir le teorannú an chirt chun cúiteamh a éileamh dlí na háite inar tharla an tionóisc (Dlí na Portaingéile), i gcomhréir le hAirteagail 4(1) agus 15(h) de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 (an Róimh II) nó, i gcás seachaíochta ina nglactar áit an duine dhíobhálaithe, an bhfuil “dlí an tríú duine” seachaithe infheidhme (Dlí na Fraince), i gcomhar le hAirteagal 19 den Rialachán thuasluaite?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (IO 2007 L 199, lch. 40).