8.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 303/11


Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Târgu-Mureş (an Rómáin) a taisceadh an 8 Aibreán 2022 – Societatea Civilă Profesională de Avocați AB & CD v Consiliul Județean Suceava agus páirtithe eile

(Cás C-252/22)

(2022/C 303/15)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Târgu Mureș

Páirtí sna príomhimeachtaí

Iarratasóir sna himeachtaí ar an gcéad chéim: Societatea Civilă Profesională de Avocați AB & CD

Cosantóirí sna himeachtaí ar an gcéad chéim: Consiliul Județean Suceava, Președintele Consiliului Județean Suceava, Agenţia pentru Protecţia mediului Bacău, Consiliul Local al Comunei Pojorâta

Idiragraí: QP

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gá [an chéad fhomhír d’Airteagal 47 den Chairt] arna léamh i gcomhar leis [an dara fomhír d’Airteagal 19(1), CAE] agus Airteagal 2(4) den Choinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, arna shíniú in Aarhus, an Danmhairg, an 25 Meitheamh 1998, agus arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005, (1) (“an Choinbhinsiún”), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 9(3) de, a léirmhíniú sa chiall go n-áirítear leis an gcoincheap “an pobal” eintiteas dlítheanach amhail comhpháirtíocht gnólachta dlí, nach bhfuil ag brath ar shárú d’aon cheart nó leas a bhaineann go sonrach leis an eintiteas sin, ach ar chearta agus leasanna daoine nádúrtha, eadhon na dlíodóirí a bhfuil an chomhpháirtíocht sin comhdhéanta díobh – [agus] an féidir déileáil le heintiteas den sórt sin mar ghrúpa daoine nádúrtha ag ghníomhú trí chomhlachas nó eagraíocht de réir bhrí Airteagal 2(4) den Choinbhinsiún?

2)

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist ag féachaint do chuspóirí Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún agus don chuspóir chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil ar na cearta arna ndeonú le dlí an Aontais [araon], an gá Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún agus [an chéad agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt], arna léamh i gcomhar leis [an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE], a léirmhíniú mar chosc ar fhoráil den dlí náisiúnta lena gcuirtear de choinníoll le rochtain ar cheartas do chomhpháirtíocht gnólachta dlí den sórt sin cruthúnas ar leas dá chuid féin nó go bhféachann sé, tríd an gcaingean a thionscnamh, staid dhlíthiúil a chosaint a bhaineann go díreach leis an sainchuspóir ar bunaíodh an cineál eagraíochta sin dó?

3)

I cás freagra dearfach ar an gcéad agus ar an dara ceist dlí, nó beag beann ar na freagraí ar an dá cheist sin mar a leagtar amach thuas iad, an gá Airteagal 9(3), (4) [agus] (5) den Choinbhinsiún agus [an chéad agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt], arna léamh i gcomhar leis [an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE], a léirmhíniú sa chiall go dtoimhdítear leis an abairt nár cheart go mbeadh leigheasanna leordhóthanacha agus éifeachtacha, lena n-áirítear cinneadh breithiúnach a ghlacadh, “gan bheith róchostasach”, rialacha agus/nó critéir chun na costais a d’fhéadfadh an páirtí nár éirigh leis sna himeachtaí a thabhú a theorannú, sa chiall gur gá do chúirt nó binse náisiúnta a áirithiú go gcomhlíontar an ceanglas nach bhfuil an costas róchostasach, ag cur san áireamh leas an duine ar mian leis nó léi a chearta nó a cearta a chosaint agus leas an phobail i gcaomhnú an chomhshaoil [araon]?


(1)  Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (IO 2005 L 124, lch. 1).