|
18.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 276/4 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgerichts Köln (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Aibreán 2022 — Imeachtaí coiriúla i gcoinne BW
(Cás C-246/22)
(2022/C 276/05)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Amtsgericht Köln
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Duine lena mbaineann: BW
Páirtithe eile: Staatsanwaltschaft Köln, Bundesamt für Güterverkehr
An cheist a tharchuirtear
An cuid dhoscartha d’iompar coimeádán luchtaithe é iompar coimeádán folamh chuig an ionad luchtaithe nó ón ionad díluchtaithe sa chaoi is go mbaineann an chóireáil phribhléideach a bhaineann le hiompar coimeádán lán le hiompar coimeádán folamh sa mhéid go bhfuil na coimeádáin fholmha díolmhaithe ó na rialacha cabatáiste i gcomhthéacs iompair chomhcheangailte?