|
18.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 276/3 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Hoge Raad der Nederlanden (an Ísiltír) a taisceadh an 6 Aibreán 2022 – DX
(Cás C-241/22)
(2022/C 276/04)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Hoge Raad der Nederlanden
Páirtithe sna príomhimeachtaí
DX
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An dtagann na bearta reachtacha a bhaineann le rochtain a thabhairt d’údaráis phoiblí ar shonraí tráchta agus suímh (sonraí sainaitheantais san áireamh) i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh faoi raon feidhme Threoir 2022/58/CE (1) má bhaineann siad le rochtain a thabhairt ar shonraí nach gcoinnítear ar bhonn bearta reachtacha atá leagtha amach in Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE, ach a choinníonn an soláthraí ar bhonn eile? |
|
2. |
|
|
3. |
An féidir rochtain a thabhairt d’údaráis phoiblí ar shonraí tráchta agus suímh (seachas sonraí sainaitheantais) chun críche cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú a bhrath agus a ionchúiseamh faoi Threoir 2002/58/CE mura bhfuil aon chionta coiriúla nó coireacht thromchúiseach ann, go háirithe nuair is féidir glacadh leis, i gcás sonrach, nach bhfuil ach cur isteach teoranta ag eascairt as tabhairt na rochtana ar na sonraí sin, go háirithe ar an gceart chun príobháideachais dá dtagraítear in Airteagal 2(b) de Threoir 2002/58/CE? |
(1) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus le cosaint an príobháideachais in earnáil na cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir leis an bpríobháideachas agus leis an gcumarsáid leictreonach (IO 2002 L 201, lch 37).
(2) Cásanna C-203/15 (Tele2 Sverige), C-698/15 (Watson agus páirtithe eile), C-511/18, C-512/18 agus C-520/18 (La Quadrature du Net agus páirtithe eile), C-207/16 (Ministerio Fiscal) agus C-746/18 (Prokuratuur).