25.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 284/15


Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Apelacyjny w Krakowie (an Pholainn) a taisceadh an 31 Márta 2022 – R’ S.A. v AW “T” sp. z o.o.

(Cás C-225/22)

(2022/C 284/17)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Apelacyjny w Krakowie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir:“R” S.A.

Cosantóir: AW “T” sp. z o.o.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”), i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”’) agus Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus prionsabal tosaíochta dhlí AE, a léirmhíniú amhail go gceadaítear do chúirt náisiúnta neamhaird a thabhairt ar chinneadh ó chúirt bhunreachtúil atá éigeantach de réir an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an dlí bunreachtúil, a mhéid a chuireann an cinneadh sin bac ar iniúchadh ag an gcúirt náisiúnta ar stádas an chomhlachta bhreithiúnaigh, ag féachaint don chaoi ina gceapadh na breithiúna, mar chúirt neamhspleách agus neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí de réir bhrí dhlí an Aontais Eorpaigh?

2.

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(3) CAE, i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt agus Airteagal 267 CFAE, a léirmhíniú amhail go gcuirtear bac ar rialacha náisiúnta, arna nglacadh ag an mBallstát: (a) lena gcuirtear bac ar an gcúirt náisiúnta dlíthiúlacht ceapacháin breithimh a mheas agus, dá bharr sin, scrúdú a dhéanamh an cúirt de réir bhrí dhlí AE í an comhlacht breithiúnach, agus (b) lena bhforáiltear do dhliteanas araíonachta do bhreitheamh i leith gníomhaíochtaí breithiúnacha i dtaca leis an scrúdú sin?

3.

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(3) CAE, i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt agus Airteagal 267 CFAE, a léirmhíniú amhail nach bhfuil gnáthchúirt, a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos maidir le cúirt de réir bhrí dhlí AE, faoi cheangal ag breithiúnas ó chúirt céime deiridh – agus í ag suí le comhaltaí a ceapadh mar bhreithiúna, agus sárú soiléir á dhéanamh ar an dlí náisiúnta lena rialaítear an próiseas ainmniúchán de bhreithiúna chuig an Sad Najwyższy (an Chúirt Uachtarach, an Pholainn), nach gcomhlíonann, dá thoradh sin, an ceanglas maidir le cúirt neamhspleách agus neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí agus maidir le cosaint dhlíthiúil éifeachtach a chinntiú do dhaoine aonair – a tugadh mar thoradh ar nós imeachta achomhairc eisceachtúil (achomharc eisceachtúil), lena gcuirtear breithiúnas deireanach ar ceal agus lena dtarchuirtear an cás ar ais chuig an ngnáthchúirt i gcomhair athbhreithniú?

4.

I gcás freagra dearfach ar an triú ceist, an gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(3) CAE, i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt agus Airteagal 267 CFAE, a léirmhíniú amhail go gciallaíonn “neamhcheangailteach”

nach breithiúnas sa chiall dhlíthiúil é (níl ann don bhreithiúnas), de réir bhrí dhlí AE, breithiúnas ó chúirt céime deiridh, arna bhunú sa chaoi a ndearnadh cur síos air i gCeist 3, agus go bhfuil gnáthchúirt, a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos maidir le cúirt de réir bhrí dhlí AE, in ann an measúnú a dhéanamh ina leith sin,

nó an é go bhfuil ann don bhreithiúnas arna thabhairt ag an gcúirt céime deiridh, arna bhunú sa chaoi a ndéantar cur síos air igCeist 3, i gciall dhlíthiúil, ach go bhfuil sé de cheart ag an ngnáthchúirt, atá ag déanamh breithniú ar an gcás as úire, gan forálacha den dlí náisiúnta maidir le torthaí an bhreithiúnais sin a chur i bhfeidhm, a mhéid atá riachtanach chun cosaint dhlíthiúil éifeachtach a chinntiú do dhaoine aonair?