|
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/35 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – TR, UQ v FTI Touristik GmbH
(Cás C-193/22)
(2022/C 237/44)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: TR, UQ
Cosantóir: FTI Touristik GmbH
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An gcaithfear Airteagal 12(2) de Threoir 2015/2302 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara a léirmhíniú:
Má thugtar freagra dearfach ar (a):
|
|
2. |
An gcaithfear Airteagal 12(2) den Treoir a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil feidhm ag an gceart chun foirceanta gan táille i gcás inarbh ann do na himthosca a bhfuil an taistealaí ag brath orthu tráth na háirithinte agus go raibh siad ar eolas ag an taistealaí? |
(1) Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO 2015 L 326, lch. 1)