20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/28 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 3 Márta 2022 – A.G. v Lietuvos Respublikos generalinė prokuratūra
(Cás C-162/22)
(2022/C 237/37)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: A.G.
Cosantóir: Lietuvos Respublikos generalinė prokuratūra
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí arna léamh i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 11 agus 52(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú mar thoirmeasc ar na húdaráis phoiblí inniúla na sonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a d’fhéadfadh faisnéis a chur ar fáil maidir le sonraí cumarsáide agus le cumarsáid úsáideora meán cumarsáide leictreonaí, in imscrúdú faoi mhí-iompar oifigiúil a bhaineann le héilliú, is cuma ar deonaíodh rochtain do na sonraí, sa chás áirithe seo, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun cosc a chur le bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí?