|
1.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 294/14 |
Achomharc arna thabhairt an 1 Márta 2022 ag Jörg Lück i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 15 Nollaig 2021 i gCás T-188/21, Jörg Lück v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
(Cás C-145/22 P)
(2022/C 294/19)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Jörg Lück (ionadaí: L. Becker, Rechtsanwalt)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, R.H. Investment UG
Le hordú an 17 Meitheamh 2022, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh an Chúirt don achomharcóir a chostais féin a íoc.